Meet the Irish (New York, January 2025) – Call for Artists

Culture Ireland invites submissions from Irish theatre and dance artists/companies who wish to participate in the Meet the Irish initiative which will take place in New York from 10 to 13 January 2025.

Established in 2023, Meet the Irish is an opportunity for Irish artists and arts organisations to engage with North American presenters and festivals, many of whom travel to New York in January to attend a range of cultural conferences and festivals including ISPA, APAP and Under the Radar.

It also coincides with the annual meeting in New York of the network of Irish cultural centres from across North America (NICCoNA).

Successful applicants will be offered a platform to present their work to these national and international delegates. This platform may include an extract for the proposed project along with AV materials.  Meet the Irish will take place on Sunday 12th January at the Irish Arts Center, New York.

IMPORTANT:

Following feedback from previous editions, this opportunity is open to professional artists and arts organisations from the theatre and dance genres only.

Qualifying Criteria:

Applications must meet the following criteria:

The proposed work being pitched must involve professional artists with work ready to tour internationally.

Projects should have an Ireland-based company as the producing or co-producing entity.

Evidence of positive independent critical recognition must be available.

High-quality moving image documentation of the work is preferable.

The applicant must be available for preparatory work in advance of the event and to be willing to present within the designated template and timeslot

Assessment:

Applications will be assessed based on the following:

  • Fulfilment of the qualifying criteria.
  • The quality of the production in terms of performance, production values and content.
  • The capacity of the artist/company to avail of international touring opportunities
  • Current programming trends in key international festivals and venues and the likely attendees at the event

Meet the Irish is presented in association with Irish Arts Center New York

Culture Ireland will provide grant supports for selected participants in this opportunity.

To Apply:

Applications should be submitted here before 12 noon on Wednesday 9th October 2024

Access:

If you require additional support in completing this application, please contact [email protected]

Meet the Irish 2025 Application Form

_____________________________________________________________________________________________________________________________________________

Meet the Irish (Nua-Eabhrac, Eanáir 2025) – Gairm ar Ealaíontóirí

Tá Cultúr Éireann ag fáiltiú roimh iarratais ó ealaíontóirí/compántais amharclannaíochta agus damhsa Éireannacha ar mhian leo páirt a ghlacadh sa tionscnamh Meet the Irish a tharlóidh i Nua-Eabhrac idir an 10 agus an 13 Eanáir 2025.

Óna bhunú in 2023, is deis é Meet the Irish d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon Éireannacha chun dul i gcomhar le láithreoirí agus féilte ó Thuaisceart Mheiriceá, a dtéann go leor acu go Nua-Eabhrac in Eanáir chun freastal ar réimse comhdhálacha agus féilte cultúrtha ar nós ISPA, APAP agus Under the Radar.

Tá sé ag tarlú ag an am chéanna le cruinniú bliantúil an líonra ionad cultúir Éireannach ó fud fad Thuaisceart Mheiriceá (NICCoNA) i Nua-Eabhrac.

Cuirfear ardán ar fáil d’iarrthóirí rathúla chun a saothar a thaispeáint do na toscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta seo. Is féidir sliocht ón tionscadal bheartaithe a bheith mar pháirt den ardán seo chomh maith le hábhair chlosamhairc. Beidh Meet the Irish ag tarlú ar Dé Domhnaigh 12ú Eanáir ag an Irish Arts Center, Nua-Eabhrac.

 

TÁBHACHTACH:

Mar thoradh ar aiseolas ó na heagráin roimhe seo, níl an deis seo á tairiscint ach amháin d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon proifisiúnta ó sheánraí na hamharclannaíochta agus an damhsa.

Critéir Cháilithe:

Ní mór d’iarrthóirí na critéir a leanas a chomhlíonadh:

  • Caithfidh baint a bheith ag ealaíontóirí proifisiúnta leis an tsaothar bheartaithe le saothar atá réidh le dul ar camchuairt idirnáisiúnta.
  • Ba cheart go mbeadh eintiteas léiriúcháin nó comhléiriúcháin an tionscadail a bheith ina chomhlacht atá bunaithe in Éirinn.
  • Caithfidh fianaise ar aitheantas dearfach neamhspleách ó chriticeoirí a bheith ar fáil. B’fhearr taifead íomhá gluaistigh d’ardchaighdeán den tsaothar a bheith ar fáil.
  • Caithfidh an t-iarrthóir a bheith ar fáil le haghaidh oibre réamh-ullmhúcháin roimh an imeacht agus a bheith toilteanach cur i láthair a dhéanamh laistigh den teimpléad agus den sliotán ama.

Measúnú:

Déanfar measúnú ar iarratais bunaithe ar an mhéid seo a leanas:

  • Comhlíonadh na gcritéar cáilithe
  • Caighdeán an léiriúcháin ó thaobh taibhithe, caighdeáin léiriúcháin agus ábhair.
  • Cumas an ealaíontóra/compántais deiseanna camchuartaíochta idirnáisiúnta a thapú.
  • Treochtaí clárúcháin reatha sna príomhfhéilte agus príomhionaid idirnáisiúnta agus na daoine ar dócha go mbeidh siad i láthair ag an imeacht.

 

Tá Meet the Irish á chur i láthair i gcomhar leis an Irish Arts Center New York.

Cuirfidh Cultúr Éireann tacaíochtaí deontais ar fáil do rannpháirtithe roghnaithe sa deis seo.

 

Chun Iarratas a Dhéanamh:

Caithfear iarratais a chur isteach anseo roimh 12 meánlae ar Dé Céadaoin 9ú Deireadh Fómhair.

 

Rochtain:

Má tá tacaíocht bhreise de dhíth ort agus an t-iarratas seo á chomhlíonadh agat, déan teagmháil le [email protected].

Foirm Iarratais do Meet the Irish 2025