Culture Ireland at WOMEX 2024

Culture Ireland at WOMEX 2024 Culture Ireland is supporting two Showcase Artists and five delegates to attend WOMEX, the Worldwide Music Expo taking place in Manchester, GB, from 23 – 27 October 2024.

Now in its 30th year, WOMEX is one of the biggest conferences on the global music scene, featuring a trade fair, talks, films and showcase concerts. Over 2,600 professionals come together every October from 90 countries, making WOMEX one of the leading networking events for the world music industry.

This year, the Showcase Artists supported by Culture Ireland are Clare Sands (WOMEX 24 Showcase – Official Selection) and Strange Boy (WOMEX 24 – Horizons Regional Stage). The Irish delegates also supported by Culture Ireland travelling to WOMEX are Katie Phelan, Patrick Stefan, Claudia Schwab, Gráinne Hunt and Rossa Ó Snodaigh (representing Kíla).

Culture Ireland’s participation at WOMEX is part of the Horizons Partnership, a collective of funding agencies and export offices from across the UK and Ireland. The Horizons Partnership celebrates the diverse music that comes from Ireland, Northern Ireland, England, Scotland/Alba and Cymru/Wales – helping talented artists gain international recognition on the world stage. Further information is available here and you can listen to participating artists here.


Cultúr Éireann ag WOMEX 2024

Cultúr Éireann ag WOMEX 2024 Tá Cultúr Éireann ag tacú le beirt Ealaíontóirí Taispeána agus cúigear toscaire chun freastal ar WOMEX, Taispeántas Domhanda Ceoil a bheidh ar siúl i Manchain, RA, idir an 23 agus an 27 Deireadh Fómhair 2024.

Anois agus é ina 30ú bliain, tá WOMEX ar cheann de na comhdhálacha is mó i saol an cheoil domhanda, ina bhfuil aonach trádála, cainteanna, scannáin agus ceolchoirmeacha taispeántais. Tagann breis is 2,600 gairmí le chéile gach Deireadh Fómhair ó 90 tír, rud a fhágann go bhfuil WOMEX ar cheann de na himeachtaí líonraithe is mó le rá do thionscal an cheoil domhanda.

I mbliana, is iad na hEalaíontóirí Taispeána a fhaigheann tacaíocht ó Chultúr Éireann ná Clare Sands (Taispeántas WOMEX 24 – Roghnú Oifigiúil) agus Strange Boy (WOMEX 24 – Ardán Réigiúnach Horizons). Is iad Katie Phelan, Patrick Stefan, Claudia Schwab, Gráinne Hunt agus Rossa Ó Snodaigh (ionadaí Kíla) na toscairí Éireannacha a fhaigheann tacaíocht ó Chultúr Éireann ag taisteal go WOMEX freisin.

Tá rannpháirtíocht Chultúr Éireann ag WOMEX mar chuid de Chomhpháirtíocht Horizons, comhghrúpa de ghníomhaireachtaí maoinithe agus oifigí easpórtála ar fud na RA agus na hÉireann. Déanann Comhpháirtíocht Horizons ceiliúradh ar an gceol ilghnéitheach a thagann as Éirinn, Tuaisceart Éireann, Sasana, Albain/Alba agus Cymru/An Bhreatain Bheag – ag cuidiú le healaíontóirí cumasacha aitheantas idirnáisiúnta a fháil ar stáitse an domhain. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo agus is féidir éisteacht le healaíontóirí rannpháirteacha anseo.

 

Photo credits: Paul McCarthy / Clare Nash