WOMEX – World Music Expo 2024 (23- 27 Deireadh Fómhair 2024) – Gairm ar Thoscairí do Chultúr Éireann

Tá Cultúr Éireann ag cur líon teoranta sparánachtaí toscaire ar fáil le haghaidh WOMEX World Music Expo, atá ar cheann de na margaí phroifisiúnta idirnáisiúnta is tábhachtaí don cheol dhomhanda, le ceol tíre, ceol ar an tseanstíl, ceol eitneach agus ceol traidisiúnta san áireamh.

Bíonn breis agus 2,000 toscaire ó níos mó ná 90 tír i láthair ag an imeacht, a mhaireann ar feadh ceithre lá. I measc na dtoscairí a bhíonn ann, tá daoine a dhéanann áirithintí do cheolchoirmeacha agus féilte, foilsitheoirí, dáileoirí, bainisteoirí agus meáin an domhain. Tugann Cultúr Éireann toscaireacht de cheoltóirí, gníomhairí agus poiblitheoirí go WOMEX gach bliain ó bhí 2010 ann, agus tá tacaíocht tugtha acu do bhannaí áirithe chun léiriúcháin a dhéanamh ag an imeacht thábhachtach seóthaispeántais seo.

Tarlóidh imeacht na bliana seo i Manchain sa Bhreatain Mhór idir 23 agus 27 Deireadh Fómhair 2024.

Ní mór d’iarrthóirí na critéir cháilitheachta a leanas a chomhlíonadh:

  • pearsanra aitheanta sa tionscal ceoil (bainistíocht ealaíontóra, gníomhairí, agus ealaíontóirí féinbhainistithe san áireamh) le taithí ar chamchuartaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta (tá bannaí féinbhainistithe, ensembles agus ealaíontóirí aonair uilig incháilithe)

Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

  • fianaise go bhfuil siad ábalta tairbhe a bhaint as an deis seo, cosúil le hábhar bolscaireachta a bheith ar fáil
  • fianaise ar aitheantas criticiúil dearfach neamhspléach ar an ealaíontóir/na healaíontóirí
  • iomláine agus caighdeán a n-iarratais

Tá Cultúr Éireann i láthair ag WOMEX mar chomhpháirtí in Horizons, ar thionscnamh é de ghníomhaireachtaí easpórtála ceoil agus cultúir ó Shasana, Albain, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann. Glacfaidh na toscairí roghnaithe páirt sa stainnín náisiúnta chun a saothar a chur chun cinn do na láithreoirí agus poiblitheoirí idirnáisiúnta ó thionscal na n-ealaíon a bheidh i láthair ag WOMEX. Tá stáitse réigiúnach speisialta á óstáil ag comhpháirtithe Horizons d’eagrán 2024, ina mbeidh 9 n-ealaíontóir ó fud fad na gcúig tír.

Ba cheart d’iarrthóirí ó Phoblacht na hÉireann iarratas a dhéanamh ar líne do Chultúr Éireann. Is i leith eitiltí ar ais, clárúcháin agus síntiúis don lóistín agus don mhaireachtáil é an deontas (€750 in aghaidh an toscaire).  Bronnfar sparántacht toscaire amháin in aghaidh an ghrúpa. Brúigh anseo le hiarratas a dhéanamh.

Ní féidir le healaíontóirí atá ag glacadh páirt in WOMEX mar Ealaíontóirí Seothaispeántais iarratas a chur isteach ar mhaoiniú toscaire.

Ba cheart d’iarrthóirí ó Thuaisceart Éireann iarratas a dhéanamh trí Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann anseo.

Is é an spriocam le haghaidh iarratais chomhlíonta ar sparántacht toscaire a chur isteach ná 5in ar Dé hAoine 12ú Iúil.