Toscairí Éireannacha ag Aonach Leabhar Londain, 11–13 Márta 2025

Tá Cultúr Éireann ag tacú le toscaireacht Éireannach d’fhoilsitheoirí leabhar neamhspleácha chun freastal ar Aonach Leabhar Londain an tseachtain seo, i gcomhar le Litríocht Éireann.

Tá tacaíocht tugtha do stainnín Éireannach ag Aonach Leabhar Londain ar feadh na mblianta trí dheontas bliantúil Chultúr Éireann ar Litríocht Éireann, ach is é seo an chéad bhliain inar mbronnadh sparánachtaí taistil ar earnáil foilsitheoireachta neamhspleách na hÉireann chun tacú leis na costais a bhaineann le freastal ar an imeacht.

Tá Aonach Leabhar Londain, a bunaíodh in 1971, ar cheann de na príomh-mhargaidh dhomhanda don idirbheartaíocht ceart don earnáil foilsitheoireachta, agus mealltar os cionn 25,000 gairmí foilsitheoireachta chuige gach bliain.

Le linn na himeachta, buailfidh foilsitheoirí le gníomhairí litríochta, comhghleacaithe idirnáisiúnta, agus aistritheoirí chun tuilleadh deiseanna a fhorbairt do scríbhneoirí Éireannacha chun teagmháil a dhéanamh le lucht léitheoireachta idirnáisiúnta.

Is iad na foilsitheoirí neamhspleácha a roghnaíodh chun freastal ar Aonach Leabhar Londain i mbliana ná:

  • Banshee Press
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Darragh Shanahan
  • The Lilliput Press
  • Publishing Ireland
  • The O’Brien Press
  • Wordwell
  • New Island Books
  • Merrion Press

Tá Aonach Leabhar Londain 2025 ag tarlú san Olympia London Exhibition Centre idir an 11 agus an 13 Márta 2025.

Is é 2A101 uimhir sheastán náisiúnta na hÉireann agus is féidir sonraí faoi na toscairí Éireannacha go léir a aimsiú anseo.