Taispeántas Chultúr Éireann i nDun Eideann 2024

Tá lúcháir orainn sonraí a roinnt inniu faoi na seacht gclár a ghlacfaidh páirt i Seó Chultúr Éireann i nDún Éideann 2024 na bliana seo.

Leanann Féile Imeallach Dhún Éideann (2 – 26 Lúnasa) ag tairiscint ardán tábhachtach uathúil d’ealaíontóirí amharclainne agus rince na hÉireann chun aitheantas idirnáisiúnta a fháil ó na meáin agus lucht féachana as a gcuid oibre agus chun a gcuid líonraí a fhorbairt.

Dúirt Stiúrthóir Chultúr Éireann, Sharon Barry: “Níos mó ná riamh, tá rannpháirtíocht i bhFéile Imeallach Dhún Éideann mar phríomhbhealach chuig deiseanna camchuairte domhanda agus lucht féachana nua. Táimid ag tnúth lena bheith ag obair leis na seacht seó bhríomhara seo chun a gcumas a uasmhéadú ó eispéireas Dhún Éideann.”

Tar éis gairm oscailte níos luaithe in 2024, seo a leanas léirithe chlár na bliana seo:

  • In Two Minds le Joanne Ryan (Fishamble: The New Play Company) – 21 léiriú in amharclann Traverse (2 – 25 Lunasa)
  • CRAWLER (Jessie Thompson) 9 léiriú ag Dance Base (2 – 11 Lúnasa)
  • HYPER (Ois O’Donoghue/Jaxbanded Theatre) 24 léiriú ag Summerhall (1 – 26 Lúnasa)
  • You’re Needy (sounds frustrating) (tasteinyourmouth) 88 léiriú in ionad seachtrach i gcomhar le Summerhall (1 – 26 Lunasa)
  • Impasse (Mufutau Yusuf) 12 léiriú ag Dance Base (13 – 25 Lúnasa)
  • The Weight of Shadow (Sasha Krohn) 22 léiriu ag Assembly Checkpoint (1 – 25 Lúnasa)
  • Chicken le hEva O’Connor & Hildegard Ryan (Sunday’s Child) 11 léiriú ag Summerhall (1 – 11 Lúnasa)

Beidh imeacht líonraithe speisialta ar siúl Dé Máirt, an 20 Lúnasa nuair is féidir le healaíontóirí Éireannacha labhairt go díreach le láithreoirí idirnáisiúnta.

Ina theannta sin, tá Cultúr Éireann ag tacú le Goitse, Lisa O’Neill agus Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann.

Chomh maith leis sin, i mí Lúnasa, tacóidh Cultúr Éireann le roinnt scríbhneoirí Éireannacha a ghlacfaidh páirt i bhFéile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann

Foilseofar bróisiúr iomlán le sonraí uile na seónna go luath.