Taispeáin is Inis Ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath 2024 Gairm ar Ealaíontóirí/Compántais

Tá Cultúr Éireann, Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann agus Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath ag lorg iarratais ó ealaíontóirí/compántais Éireannacha ar mhian leo páirt a ghlacadh i dTaispeáin agus Inis, ar deis í chun buaileadh le cláraitheoirí agus láithreoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus saothar a chur ina láthair, mar pháirt de Information Toolbox ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath (13 & 14 Meán Fómhair 2024).

Is é atá mar aidhm leis an tseisiún seo ná deis a thabhairt d’ealaíontóirí tionscadail nua (nár cuireadh i láthair roimhe seo i bhformáid ar bith), tionscadail atá á bhforbairt, agus saothar atá réidh don chamchuartaíocht a chur i láthair toscairí chun deiseanna taispeántais nó comhléiriúcháin a chruthú.

Déanfaidh na healaíontóirí a roghnófar plé ar a dtionscadail le toscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá ealaíontóirí proifisiúnta/compántais ó dhisciplíní na hamharclannaíochta agus an damhsa i dteideal iarratas a chur isteach. Beidh ar ealaíontóirí rathúla obair i gcomhar le Cultúr Éireann agus Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann chun gach leas a bhaint as an deis.
TÁBHACHTACH: Níl ealaíontóirí/compántais i dteideal iarratas a dhéanamh má tá a saothar le bheith mar pháirt de chlár 2024 Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath nó clár 2024 Fhéile Amharclannaíochta na hÉireann. Cuirfear gairm eile suas faoi Sheisiún Reaca an International Theatre eXchange gan mhoill.

Ní mór d’iarrthóirí:
• An fhoirm iarratais, atá ar fáil anseo, a chomhlíonadh
• Sonraí faoi shaothar nua, saothar atá á fhorbairt nó saothar atá réidh don chamchuartaíocht a bheith mar pháirt dá n-iarratas.
• Fianaise a chur ar fáil faoina dteist le haitheantas criticiúil dearfach neamhspleách ar an ealaíontóir/compántas.
• Cur in iúl an mbeidh siad ar fáil i leith oibre ullmhúcháin roimh an Fhéile Imeallach agus chun buaileadh le láithreoirí idirnáisiúnta i rith an imeachta
Critéir Mheasúnaithe:
Déanfar measúnú ar iarratais ar an bhonn seo a leanas:
• Iomláine agus caighdeán an iarratais
• Cumas an ealaíontóra/compántais tairbhe a bhaint as deiseanna idirnáisiúnta
• Oiriúnacht an togra i bhfianaise treochtaí clárúcháin reatha i bpríomhfhéilte agus ionaid idirnáisiúnta, agus an lucht freastail idirnáisiúnta is dócha a bheidh ag an imeacht

Déanfaidh Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann, Cultúr Éireann agus Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath an roghnúchán i gcomhar lena chéile.
Chun Iarratas a Dhéanamh:
Caithfear iarratais a chur isteach tríd an nasc a leanas agus ba cheart iad a chur isteach faoi Dé Céadaoin 7ú Lúnasa faoi 5in.