Ar an 24 Eanáir 2025, tacóidh Cultúr Éireann le seisear ealaíontóirí ceoil chun taibhiú a dhéanamh ag eagrán 2025 de Showcase Scotland, mar pháirt de Celtic Connections.
Tá Celtic Connections, a bunaíodh in 1994, ar cheann de na príomhfhéilte ceoil dhomhanda, ceoil tíre agus ceoil ar an tseanstíl ar domhan, le hos cionn 2,100 ceoltóir ó thimpeall na cruinne ag glacadh páirt in 300 imeacht ag 25 ionad ceoil i nGlaschú thar 18 lá. Gach bliain, le linn Celtic Connections, téann Showcase Scotland i gcomhpháirt le tír chun deis seóthaispeántais a chur ar fáil do líon áirithe bannaí. Roghnaíodh Éire mar an comhpháirtí idirnáisiúnta do 2025.
Is iad an seisear ealaíontóirí atá chun taibhiú a dhéanamh ag Spotsholas na hÉireann ná:
Córas Trio
Tá ‘Córas Trio’ ag athchruthú na spontáineachta. Tagann séiseanna traidisiúnta Éireannacha ó uigeachtaí aoibhne neamhshaolta ina leagtar béim ar an fhidil, an giotár agus cnaguirlisí le fuaimeanna leictreonacha tarchéimnitheacha; agus iad ag léiriú gnéithe den chomh-tobchumadh shaor, le spraíúlacht ar nós seisiúin, tá siad mar pháirt de shruth cruthaitheach ceoltóirí atá ag cíoradh an bealach a bhaineann ceol traidisiúnta le heispéireas an 21ú haois.
“they boldly go where few have even dreamed of going before” (The Irish Times).
“imaginative… quick witted… boldly investigating 21st century Irish identity” (The Wire)
“Explosive!” (Soweto Kinch BBC Radio 3)
Is banna ceathrar traidisiúnta Éireannach é Fiárock a insíonn scéal atá ar maos san fhuaim. Le baill ó dhá thaobh an Atlantaigh, coimeádann an ceathairéad cothromaíocht mháistriúil idir dhílseacht don traidisiún agus tionchair éagsúla a glacadh ó chúlra pearsanta gach baill, rud a shaibhríonn a bhfuaim le harmóiní snagcheoil, séiseanna seancheoil Mhéiriceánaigh, agus ceol tíre ó Mheicsiceo. Tagann consairtín, bainseó, pianó, bodhrán, agus guth le chéile i gcóirithe cumhachtacha, idir polcaí spleodracha agus foinn mhalla dhraíochtúla, ar bhealaí a chuirfidh lucht an cheoil thraidisiúnta agus daoine nua araon faoi gheasa agus faoi dhraíocht. Tá an banna comhdhéanta de Clíona Halley (consairtín), Nicolle Fig (bodhrán agus guth), Evan Powell (pianó) agus Darragh Carey-Kennedy (bainseó), agus tá páirt glactha acu in imeachtaí agus féilte éagsúla ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh, cosúil le CeltaSur in Granada agus Goderich Celtic Roots Festival i gCeanada, Agus céad albam an bhanna ar na bacáin faoi láthair, tá Fiárock faoi lánseol. Tá beartaithe ag Fiárock camchuairteanna a dhéanamh san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh in 2025, ag brú chun todhchaí le craic go leor!
Gráinne Hunt
Is amhránaí agus scríbhneoir aiteach ceol nua-thíre í Gráinne Hunt, le guth mar chaifé casta, a mheallann an lucht éisteachta le fonnadóireacht mhuirneach agus amhráin thochtmhara, agus atá á bunú féin mar dhuine mór le rá i measc phríomh-amhránaithe agus scríbhneoirí amhrán na hÉireann. ‘Joni na hÉireann’ a thugtar ar Ghráinne, a bhfuil fonnadóireacht déanta aici le Glen Hansard agus U2, agus a raibh ina taibheoir tacaíochta do Gladys Knight agus Eagle Eye Cherry.
Le EP óna céad chamchuairt sna Stáit Aontaithe ag teacht gan mhoill, tá albam stiúideo á thaifead aici le seoladh in 2025.
‘No crowd can resist’ Declan O’Rourke
Bíonn an píobaire uillinn clúiteach Leonard Barry i mbun réimse leathan ceoltóireachta idir sleamhnáin agus poirt Shliabh Luachra ina chontae dúchais i gCiarraí agus ríleanna chósta Shligigh ina bhfuil cónaí air anois. I ndiaidh blianta fada mar phíobaire camchuairte le cuid de na hamhránaithe is fearr in Éirinn, in 2024 tháinig Leonard chun tosaigh, agus é ag seoladh a thríú albam aonair, Littoral, arna léiriú ag Michael McGoldrick. Seinneann sé leis an fhidléir Andy Morrow agus aíonna éagsúla agus é ag seinm go beo; don tseóthaispeántas seo tá Ali Hutton ag seinm leo ar an ghiotár.
Niamh Bury
Tá Niamh Bury ar cheann de na guthanna nua is spreagúla i saol cheol tíre na hÉireann. Seoladh a céad albam, Yellow Roses, in Márta 2024 – a shroich #3 ar liosta Mojo de na hAlbaim Ceol Tíre is Fearr in 2024. Mar gheall ar fhuaim tíre shaibhir agus fonnadóireacht ar leith Niamh, tá taibhiú déanta aici le Flyte, Maddison Cunningham, Dermot Kennedy agus Ye Vagabonds.
Agus í ainmnithe mar Ealaíontóir Nua is Fearr ag Duaiseanna Ceol Tíre RTÉ 2024, tá sí ar dhuine de na céad
ealaíontóirí le beagnach scór bliana anuas le bheith sínithe leis an lipéad ceoil is tábhachtaí in Éirinn ó thaobh cultúir,
Claddagh Records.
“Think folky Cat Power or sun-drunk Weyes Blood and prepare to be transported.” (Mojo
⭐️⭐️⭐️⭐️)
“‘Yellow Roses’ poses itself as an immaculate debut album from quickly rising folk wonder
Niamh Bury.” (Golden Plec⭐️⭐️⭐️⭐️⭐️)
“The effect of immersing yourself in the record is holistic, like gazing up at a sweeping fresco,
the detail so magnificent it’s impossible to decide where to lay your eyes first.” (Hot Press
9.5/10)
Nuala Kennedy & Eamon O’Leary
‘Sumptous folk songs’ The Guardian * * * *
Albam Ceol Tíre na Míosa GUARDIAN
‘Dazzling’ MOJO * * * *
‘Beguiling’ Songlines * * * *
Ar Cheann de na Cúig Albam ar Bharr Chairteacha Ceol Tíre Mheiriceá
Tá na taibheoirí ionúine ceol tíre, Nuala Kennedy & Eamon O’Leary i ndiaidh albam atmaisféarach amhrán a chruthú, dar teideal ‘Hydra’, arb é sin ainm an oileáin sa Ghréig ar a ndearna siad an t-albam a thaifeadadh. Le harmóiní a n-amhrán agus a rímháistreacht chaolchúiseach cheoil, tá an-éileamh ar an dís. Is í Nuala an t-amhránaí sa tsárghrúpa Mheiriceánach-Éireannach, Solas, faoi láthair.
Seinnfidh na healaíontóirí Éireannacha a roghnófar mar pháirt den imeacht Showcase Scotland ar Dé hAoine 24 Eanáir 2024 os comhair luchta féachana ar tugadh cuireadh dóibh de thart ar 180 toscaire idirnáisiúnta, lena n-áirítear gairmithe tionscail, gníomhairí, agus eagraitheoirí féilte agus ionad.
Is féidir teacht ar sheinnliosta Youtube de na healaíontóirí a bheidh ag seinm ag Showcase Scotland 2025 anseo.
Is féidir clár iomlán Spotsholas na hÉireann ag Showcase Scotland a fheiceáil anseo.