Tacófar le deichniúr ealaíontóirí Éireannacha chun taibhiú ag South by Southwest (SXSW) in Austin, Texas an tseachtain seo, mar pháirt de Sheóthaispeántas Oifigiúil Music From Ireland agus Full Irish Breakfast ag SXSW. Tá na seóthaispeántais seo á dtabhairt i gcrích ag First Music Contact mar pháirt dá chlár bliantúil gníomhaíochta, arna mhaoiniú ag Cultúr Éireann.
Is féile agus comhdháil bhliantúil é South by Southwest a reáchtáiltear in Austin, atá ina ceiliúradh ar theacht le chéile an cheoil, na scannánaíochta, na teicneolaíochta, agus na meán. Tá an imeacht, a bunaíodh in 1987, ar cheann de na seóthaispeántais cheoil is mó ar domhan, ina léirítear na mílte ealaíontóir ó raon seánraí, idir ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus ealaíontóirí seanbhunaithe.
Is ardán suntasach é SXSW don aimsiú agus don líonrú, a tharraingíonn aird na meán agus a thugann d’ealaíontóirí nua poiblíocht atá an-suntasach ó thaobh gairme de.
Is iad ealaíontóirí seóthaispeántais Music From Ireland i mbliana ná:
- John Francis Flynn
- Ailbhe Reddy
- Red Stamp
- Shobsy
- Soda Blonde
- Really Good Time
- M(h)aol
- Annie-Dog
- Gurriers
- Cardinals
Tarlóidh an seóthaispeántas oifigiúil ar Déardaoin 13 Márta sa Velveeta Room (521 E 6th Street), leis an Full Irish Breakfast ag SXSW ag tarlú an lá dar gcionn sa Dead Rabbit (204 E 6th Street).
Tá tuilleadh sonraí faoi na healaíontóirí Éireannacha ar fáil anseo.