Inniu, Déardaoin, an 27 Márta, sheol an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, Ionadaíocht na hÉireann ag an 19ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia i gCartlann Ailtireachta na hÉireann. Roghnaíodh coimeádaithe Cotter & Naessens Architects chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an imeacht mór le rá. Déanann an Roinn, trí Chultúr Éireann, Éire sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.
Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 10 Bealtaine go dtí an 23 Samhain 2025, fós an t-ardán domhanda is tábhachtaí maidir le taispeántas na hailtireachta a ghlacfaidh an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirt ann. Tugtar deis uathúil ann do chleachtóirí ailtireachta na hÉireann lucht féachana idirnáisiúnta a mhealladh.
Ag freagairt do théama na bliana seo, ‘Intelligens. Natural. Artificial. Collective.’, a roghnaigh coimeádaí an Biennale, Carlo Ratti, tá Assembly le Cotter & Naessens. Spreag samhail pholaitiúil nuálach Thionól na Saoránach an dearadh. Suiteáil ilchéadfach a bheidh sa dearadh ina dtabharfar deis do chuairteoirí cónaí i bhfuaimdhreach agus labhairt sa spás.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Déanaim comhghairdeas le Cotter & Naessens as a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale Ailtireachta na Veinéise, áit a gcuirfidh na healaíontóirí agus na hailtirí is fearr ar domhan saothar i láthair. Is deis é seo chun nádúr bríomhar cruthaitheach ailtireacht chomhaimseartha na hÉireann a thaispeáint do lucht féachana idirnáisiúnta. Déanann mo Roinnse, trí Chultúr Éireann, Éire a choimisiúnú sa Veinéis i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, agus is tráth iontach é chun ardchaighdeán ealaíon na hÉireann a cheiliúradh ar stáitse domhanda. Guím gach rath ar gach duine a bhfuil baint acu leis an Biennale i mbliana.”
Cuireann Assembly leis an láithreacht láidir atá ag Éirinn ag an Biennale Architettura le blianta beaga anuas le taispeántais In Search of Hy-Brasil (2023), Entanglement (2021) agus Free Market (2018). Is stiúideo ailtireachta agus dearaidh é Cotter & Naessens Architects atá lonnaithe i gCathair Chorcaí ó 2001 i leith agus a bhunaigh Louise Cotter agus David Naessens.
Tar éis é a chur i láthair sa Veinéis, rachaidh ‘In Search of Hy-Brasil’ ar camchuairt in Éirinn in 2026. Beidh scannán ina léirítear déanamh Assembly, a stiúir Michelle Delea, a scannánaigh Felix Castaldo, le fuaim ó David Stalling, mar chuid thábhachtach den chamchuairt náisiúnta.
Phléigh coimeádaithe an tionscadail an téama a roghnaigh siad:
“Is éard atá i gceist le Assemble ná teacht le chéile mar ghrúpa daoine a bhfuil leas coiteann acu. Is éard atá i gceist le Assemble ná iomlán a thógáil ó chomhchodanna. Mar chomhthionól agus tógáil, tá Assembly i gcroílár an phróisis ailtireachta.”