Seoladh Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2024

I dTeach an Ardmhéara, inniu, Déardaoin, an 15 Feabhra, sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., ionadaíocht na hÉireann ag an 60ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíne – La Biennale di Venezia. Roghnaíodh an t-ealaíontóir Eimear Walsh, leis an gcoimeádaí Sara Greavu agus Project Arts Centre chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an imeacht mór le rá. Déanann an Roinn, trí Chultúr Éireann, Éire sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.

Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 20 Aibreán go dtí an 24 Samhain 2024, an t-ardán domhanda is tábhachtaí maidir le taispeántas na n-amharc-ealaíon a ghlacfaidh an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirt ann. Tugtar deis uathúil ann d’ealaíontóirí Éireannacha lucht féachana idirnáisiúnta a mhealladh.

Ag freagairt do théama na bliana seo, Eachtrannaigh i ngach Áit – roghnaigh coimeádaí an Biennale, Adriana Pedrosa pailliún Éireannach dar teideal Éire Rómánsúil. Suiteáil físe ilchainéil agus fuaimrian ceoldrámaíochta atá lonnaithe i ndealbh tumthach a bheidh sa phailiún. Déantar iniúchadh i dtionscadal Eimear Walshe ar pholaitíocht chasta na tógála comhchoitinne trí thraidisiún na hÉireann den ‘mheitheal’: grúpa oibrithe, comharsana, cairde agus gaolta a thagann le chéile chun tógáil.

Dúirt an tAire Martin: Guím gach rath ar Eimear Walshe, Sara Greavu, agus Project Arts Centre agus iad ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn ag Biennale na Veinéise 2024. Éacht ollmhór is ea í seo agus deis iontach don ealaíontóir agus don tír araon. Ardaíonnn rannpháirtíocht ag Biennale na Veinéise feasacht ar earnáil láidir amharcealaíona na hÉireann agus cuireann sé ardán idirnáisiúnta ar fáil don ealaíontóir dá saothar. Déanann mo Roinnse, trí Chultúr Éireann, Éire sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, agus is dáta tábhachtach é inár bhféilire cultúir. Guím gach rath ar gach duine a bhfuil baint acu leis an Biennale i mbliana.”

Rinneadh an físeán a thaifeadadh ar an láthair san ionad scileanna inbhuanaithe, Common Knowledge, atá lonnaithe sa Bhoirinn, ar chósta thiar na hÉireann. Tá grúpa de sheachtar taibheoirí ann faoi stiúir an chóragrafaí Mufutau Yusuf. Ceoldráma atá i bhfuaimrian an phailliúin ina ndéantar cur síos ar dhíbirt, a chum Amanda Feery le libretto le Walshe.

Tógfaidh Éire sa Veinéis 2024 ar láithreacht láidir na hÉireann ag Biennale di Venezia le roinnt blianta anois. Le blianta beaga anuas, rinne Niamh O’Malley le TBG+S agus Eva Rothschild ionadaíocht ar Ériinn i dtaispeántas a choimeád Mary Cremin. Chuir Project Arts Centre Tremble Tremble le Jesse Jones i láthair sa Veinéis in 2017, a choimeád Tessa Giblin.

Tar éis an léiriúcháin sa Veinéis, rachaidh Éire Rómánsúil ar camchuairt timpeall na hÉireann in 2025 le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Agus gnéithe den suiteáil á n-athchruthú i ngach ionad, cuirfidh an chamchuairt Éireannach ar chumas phobal na hÉireann taithí a fháil ar shaothar Eimear Walshe. Tá clár faisnéise á dhéanamh ar an tionscadal freisin.

Seo an méid a dúirt coimeádaí an tionscadail, Sara Greavu, faoin tionscadal:
“Cuirtear spéis go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta san athbheochan cultúrtha Éireannach atá ag dul i méid, agus atá le feiceáil níos mó agus níos mó ar fud na bhfoirmeacha ealaíne go léir. Níl saothar Walshe cumhach nó ag brath ar mhiotaseolaíocht shamhlaithe, agus níl sé dúchasach, ach tá sé ag oscailt amach agus ag athleagan amach, ag cur as áit agus ag glacadh go híogair leis na gnéithe seo de réir mar a léirítear ann caidrimh shóisialta mhalartacha.”

Grianghraf le caoinchead ó: Faolán Carey