Seisear Ceoltóirí ag Comhdháil an Chomhaontais Idirnáisiúnta Cheol Tíre 2024

Rachaidh seisear Éireannach go Kansas City, Missouri go luath chun páirt a ghlacadh i gComhdháil an Chomhaontais Idirnáisiúnta Cheol Tíre a bheidh ar siúl idir an 21 agus an 25 Feabhra 2024 mar Cheoltóirí Taispeántais.

Beidh na ceoltóirí, a bhfuil Cultúr Éireann ag tacú leo, ag dul ar stáitse os comhair lucht éisteachta ina mbeidh gairmithe de chuid thionscal an cheoil ó SAM, ó Cheanada agus níos faide i gcéin.

Is í Comhdháil an Chomhaontais Idirnáisiúnta Cheol Tíre an cruinniú is mó ar domhan de thionscal agus de phobal an cheoil tíre (ag cur san áireamh raon leathan seánraí lena n-áirítear ceol Apaláiseach, ceol Meiriceánach, na Gormacha, ceol Bluegrass, ceol Ceilteach, ceol tíre domhanda ar an tseanstíl, Hip-Hop, seancheol tíre, Amhránaithe is Scríbhneoirí, filíocht ó bhéal, ceol traidisiúnta, Zydeco, agus cumaisc éagsúla).

Tá toscaireacht de cheltóirí Éireannacha á seoladh chuig an gComhaontas Cheol Tíre ag Cultúr Éireann ó 2015 i leith.
Tagann na céadta cláraitheoir, gníomhaire, stiúrthóir féilte agus stáisiún raidió chuig an imeacht, agus d’éirigh go hiontach leis go dtí seo ó thaobh deiseanna a chruthú do cheoltóirí Éireannacha.

Seo a leanas an seisear ceoltóirí oifigiúla taispeántais a roghnaigh lucht an Chomhaontais Idirnáisiúnta Cheol Tíre:

Billow Wood
Gráinne Hunt
Krea
Laytha
Patrick Stefan
Strange Boy

Déanfaidh gach ceoltóir léiriú taispeántais ar ardán Chultúr Éireann mar aon le sraith taispeántais phríobháideacha le linn na comhdhála.

Tá eolas faoin sceideal taispeántais do cheoltóirí Éireannacha lena n-áirítear taispeántais oifigiúla agus príobháideacha ar fáil anseo.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gComhaontas Idirnáisiúnta Cheol Tíre, féach anseo.

Le haghaidh sampla den cheol atá ar fáil éist le Seinnliosta Chomhaontas Cheol Tíre 2024 ar Spotify.