Nuacht & Imeachtaí

Nuashonrú – Spriocdhátaí Babhtaí Deontais Chultúr Éireann daingnithe do 2025

Inniu, d’fhoilsigh Cultúr Éireann a spriocdhátaí deontais do 2025. Beidh ceithre bhabhta deontais ann in 2025 a chlúdóidh gach deis gníomhaíochta i rith na bliana. Bunaithe ar aiseolas, táimid ag cur leis an amlíne gníomhaíochta do gach babhta freisin – sonraí iomlána thíos – seiceáil le do thoil go bhfuil do thionscadal incháilithe sula gcuirtear isteach é.  

Leigh Nios mo

Taispeáin is Inis Ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath 2024 Gairm ar Ealaíontóirí/Compántais

Tá Cultúr Éireann, Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann agus Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath ag lorg iarratais ó ealaíontóirí/compántais Éireannacha ar mhian leo páirt a ghlacadh i dTaispeáin agus Inis, ar deis í chun buaileadh le cláraitheoirí agus láithreoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus saothar a chur ina láthair, mar pháirt de Information Toolbox ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath (13 & 14 Meán Fómhair 2024). Is é atá mar aidhm leis an tseisiún seo ná deis...

Leigh Nios mo

Fógraítear maoiniú os cionn €1.2m do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin maoiniú €1,230,750 chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí chlár deontais rialta Chultúr Éireann. Rachaidh an maoiniú chun tairbhe do 160 tionscadal scaipthe ar fud 40 tír, a chlúdóidh sorcas, rince, scannán, litríocht, ceol, ceoldráma, téatar agus na hamharc-ealaíona. Ag fógairt na ndeontas, dúirt an tAire Martin: “Tá ról lárnach ag Cultúr Éireann ag tacú le healaíontóirí...

Leigh Nios mo

GAIRM AR EALAÍONTÓIRÍ: COMHDHÁIL CHUMANN NA bhFÉILTE ÉIREANNACHA AGUS CEILTEACHA 2024 (Chicago, Deireadh Fómhair)

AICF Chicago 2024

I ndiaidh na comhdhála píolótaí rathúla i nGaillimh in 2023, tá Cultúr Éireann ag dul i gcomhar arís le Cumann na bhFéilte Éireannacha agus Ceilteacha chun ealaíontóirí Éireannacha a chur i láthair a gcomhdhála. Reáchtálfar comhdháil na bliana seo idir Dheireadh Fómhair 24-26, 2024, in Chicago, in Ionad Oidhreachta na nGael-Mheiriceánach agus in Óstán Congress Plaza. Is eagraíocht í Cumann na bhFéilte Éireannacha agus Ceilteacha atá comhdhéanta de níos mó ná 60 féile Éireannacha agus...

Leigh Nios mo

Gairm do Éire sa Vienéis 2026

People walking down a brick side street under a blue sky, flanked on the right by a brick building.

Tá Léirithe Spéise á lorg ag Cultúr Éireann, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, chun ionadaíocht na hÉireann a léiriú ag an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta ag La Biennale di Venezia 2026. I ndiaidh den cur i láthair rathúil ROMANTIC IRELAND le Eimear Walshe i Biennale i mbliana, tugann Cúltúr Éireann cuireadh do pháirtithe leasmhara tairiscint a chur isteach ar son na hÉireann do Venice i 2026.  Tá na sonraí iomlán le fáil anseo: Gairm...

Leigh Nios mo

WOMEX – World Music Expo 2024 (23- 27 Deireadh Fómhair 2024) – Gairm ar Thoscairí do Chultúr Éireann

Tá Cultúr Éireann ag cur líon teoranta sparánachtaí toscaire ar fáil le haghaidh WOMEX World Music Expo, atá ar cheann de na margaí phroifisiúnta idirnáisiúnta is tábhachtaí don cheol dhomhanda, le ceol tíre, ceol ar an tseanstíl, ceol eitneach agus ceol traidisiúnta san áireamh. Bíonn breis agus 2,000 toscaire ó níos mó ná 90 tír i láthair ag an imeacht, a mhaireann ar feadh ceithre lá. I measc na dtoscairí a bhíonn ann, tá daoine...

Leigh Nios mo

Taispeántas Chultúr Éireann i nDun Eideann 2024

Tá lúcháir orainn sonraí a roinnt inniu faoi na seacht gclár a ghlacfaidh páirt i Seó Chultúr Éireann i nDún Éideann 2024 na bliana seo. Leanann Féile Imeallach Dhún Éideann (2 – 26 Lúnasa) ag tairiscint ardán tábhachtach uathúil d’ealaíontóirí amharclainne agus rince na hÉireann chun aitheantas idirnáisiúnta a fháil ó na meáin agus lucht féachana as a gcuid oibre agus chun a gcuid líonraí a fhorbairt. Dúirt Stiúrthóir Chultúr Éireann, Sharon Barry: “Níos mó...

Leigh Nios mo

FiraTàrrega 2024 – Gairm ar Rannpháirtíocht i dToscaireacht na hÉireann

Tá Cultúr Éireann ag lorg iarratais ar rannpháirtíocht i dtoscaireacht na hÉireann uathu siúd ar mian leo saothair a chur chun cinn ag FiraTàrrega atá ag tarlú in Tàrrega na Spáinne ó 5 go 8 Meán Fómhair 2024. Leanann Cultúr Éireann ar aghaidh ag maoiniú Líonra Ealaíona Sráide, Sorcais agus Mórthaibhsithe na hÉireann agus iad ag bainistiú agus ag tabhairt rannpháirtíocht na tíre in FiraTàrrega i gcrích, ar imeacht líonraithe agus seothaispeántais é do na...

Leigh Nios mo

Glacann Cultúr Éireann le hiarratais ar pháirt a ghlacadh mar thoscaire ag Tanzmesse 2024 (28 – 31 Lúnasa 2024)

Fáiltíonn Cultúr Éireann roimh iarratais ó rinceoirí, bainisteoirí cuideachtaí rince agus léiritheoirí rince as Éirinn ar mhaith leo páirt a ghlacadh in Tanzmesse in Düsseldorf, sa Ghearmáin, a bheidh ar siúl ón 28 go dtí an 31 Lúnasa 2024. Is imeacht débhliantúil é Tanzmesse agus is mol idirnáisiúnta é do ghairmithe rince ar fud an domhain chun aithne a chur ar ghníomhairí, láithreoirí agus cláraitheoirí agus chun deiseanna camchuairte a chruthú dá gcuid oibre. Le...

Leigh Nios mo

Éire mar Thír Fócais ag Taispeántas na hAlban/Celtic Connections 2025

Níos luaithe i mbliana, fógraíodh Éire mar chomhpháirtí idirnáisiúnta d’eagrán 2025 de Thaispeántas na hAlban mar chuid de Celtic Connections 2025 i nGlaschú, Albain (22 – 26 Eanáir 2025) Tá Cultúr Éireann ag glacadh le harratais anois ó cheoltóirí agus ó bhannaí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa deis taispeántais mór le rá seo. Bunaíodh Celtic Connections in 1994 agus is ceann de na féilte bliantúla is mó le rá do cheol domhanda agus...

Leigh Nios mo