Ba chúis bhróid do Chultúr Éireann í Meet the Irish a óstáil, arbh imeacht speisialta líonraithe é ag Honey Pot, Féile Imill Adelaide ar Dé Máirt, 11 Márta 2025, ina ndearnadh ceiliúradh ar na healaíontóirí iontacha Éireannacha atá ag dul i bhfeidhm go mór ar fhéilte na bliana seo.
Ba dheis thábhachtach é an t-imeacht chun ceangal a dhéanamh le líonruithe, féilte, agus láithreoirí ó fud fad na hAstráile agus ó mhórthimpeall an domhain, rud a neartaíonn caidrimh idirnáisiúnta agus a chruthaíonn deiseanna nua d’ealaíontóirí Éireannacha.
Seo cuid de na healaíontóirí a thaibhigh ag na féilte:
- Krapp’s Last Tape – Landmark Productions
- Chicken– Eva O’Connor & Hildegard Ryan
- Trawled– Eoin Ryan
- Love Letter– Camille O’Sullivan
- Agus cuid taibhithe sráide iontacha le Grant Goldie
I measc na n-aíonna speisialta bhí an tAire Stáit Emer Higgins agus Daniel Lowe, Leas-Cheann Misin, Ambasáid na hÉireann in Canberra. D’óstáil Niamh O’Donnell (Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann) & Lucy Medlycott (Líonra ISACS) an t-imeacht thar ceann Chultúr Éireann.
Buíochas mór le foireann iontach Honey Pot & Féile Imill Adelaide as a dtacaíocht agus as ardán fíorthábhachtach a chur ar fáil d’ealaíontóirí Éireannacha chun páirt a ghlacadh agus ceangail a dhéanamh.