Maoiniú €1.5 milliún fógartha ag an Aire Patrick O’Donovan do Chultúr Éireann i gcomhair chur chun cinn domhanda ealaíona na hÉireann

Tá maoiniú de os cionn €1.5 milliún fógartha ag an Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, do chur chun cinn domhanda ealaíona na hÉireann trí Chlár Deontas Rialta de chuid Chultúr Éireann.

Rachaidh an maoiniú chun tairbhe 192 thionscadal atá le tarlú in os cionn 34 tír, idir sorcas, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona.

Agus é ag fógairt na ndeontas, dúirt an tAire O’Donovan:

 

“Mar Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, is mór an phléisiúr dom an babhta seo maoinithe de os cionn €1.5m do Chultúr Éireann a fhógairt, arb é sin an babhta deontais is mó i stair na heagraíochta, agus iad ag ceiliúradh a bhfichiú bliain i mbliana. Léiríonn na tionscadail seo fíoréagsúlacht ealaíona comhaimseartha na hÉireann agus cruthóidh siad deiseanna agus lucht leanúna nua, rud a chuirfidh ar chumas ealaíontóirí na hÉireann an t-aitheantas idirnáisiúnta atá tuilte acu a bhaint amach.  Le 20 bliain anuas tá tacaíocht tugtha ag Cultúr Éireann do na mílte ealaíontóirí Éireannacha chun a ngairmeacha idirnáisiúnta a fhorbairt, le maoiniú de os cionn €84m ar an iomlán curtha ar fáil.  In 2024 amháin, thacaigh Cultúr Éireann le hos cionn 5,500 duine chun a saothar a chur i láthair in os cionn 50 tír do níos mó ná 6.7m duine.”

 

I measc na dtionscadal tá:

  • Sorcas: Christopher McAuley ag léiriú The Whistle II (an Ísiltír), Léiriú de The Grannies le Bill and Fred Productions (an Fhionlainn), Hands Down Circus, Tumble Circus agus Grant Goldie ag taibhiú ag an World Buskers Festival, (an Nua-Shéalainn)
  • Damhsa: tacaíocht leanúnach do raon tionscadal lena n-áirítear The Specky Clark Tour le Oona Doherty (an Eoraip), Bill and Fred Productions ag taibhiú ag Festival Plexus Rouge (an Fhrainc), agus léiriú an Top 8 Jam Cypher & Outreach ag Loud Base (Lagos)
  • Scannánaíocht: tacaíocht do scannánóirí Éireannacha le bheith i láthair ag mórfhéilte scannán idirnáisiúnta cosúil leis an Santa Barbara International Film Festival, Chicago Irish Film Festival, SFIF Documentary Film Festival agus an Irish Film Festival Los Angeles (SAM), Toronto Irish Film Festival (Ceanada),  British & Irish Film Festival, (an Bheilg) agus Irish Film Festa 2025 (an Iodáil)
  • Litríocht: Scríbhneoirí Éireannacha i láthair ag féilte litríochta idirnáisiúnta éagsúla cosúil leis an Bologna Children’s Book Fair (an Iodáil), Auckland Writers Festival (an Nua-Shéalainn) agus Melbourne Writers Festival, Sydney Writer’s Festival agus Adelaide Writers Week (an Astráil)
  • Ceol: Tacaíocht d’os cionn 50 camchuairt idirnáisiúnta ar fud an domhain le raon ealaíontóirí agus seánraí lena n-áirítear Clare Sands (an Astráil), Sorcha Richardson (an Astráil), Muireann Bradley (an Astráil/an Nua-Shéalainn), Gurriers (an Bhreatain), Nerves (an Bhreatain), St Bishop (an Bhreatain), Brigid Mae Power (an Bhreatain), Robocobra Quartet (an Eoraip), And So I Watch You From Afar (an Bhreatain/an Eoraip), Oisín Leech (an Bhreatain/an Eoraip), Post-Party (an Bhreatain/an Eoraip), Adrian Crowley (an Eoraip), Chalk (an Eoraip), John Blek (an Eoraip), Crying Loser (an Fhrainc), Eleanor Shanley agus John Feeley (an Danmhairg), Duach (an Eilbhéis), Lisa Canny Band (an Spáinn), Somebody’s Child (an Ghearmáin), The Mary Wallopers (SAM), The Finns (SAM),  JigJam (SAM), Karan Casey (SAM), Hermitage Green (Ceanada)
  • Amharclannaíocht: tacaíocht do chamchuairteanna idirnáisiúnta, lena n-áirítear Sunday’s Child (an Bhreatain), Dead Centre (an Bhreatain), Tom Moran (SAM/Ceanada), Dan Colley/Riverbank Arts Centre (an Astráil/SAM), Brú Theatre (Ceanada), Fishamble: The New Play Company (an tSeirbia), Branar (an Chóiré Theas/Ceanada), c21 Theatre Company (an Cholóim)
  • Na hAmharc-Ealaíona: Taispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí Éireannacha lena n-áirítear Richard Malone (SAM), Alan Butler (an tSlóivéin), Aileen Murphy (an Bhreatain), Martina Cleary (an Phórtaingéil), Katie Holten (an Fhionlainn), Siobhan McDonald (an Iodáil) agus d’ealaíontóirí Éireannacha a bheith i láthair ag aonaigh ealaíon idirnáisiúnta lena n-áirítear The London Original Print Fair (an Bhreatain), SUPERMARKET-Stockholm Independent Art Fair (an tSualainn), MIART Modern and Contemporary Art Fair (an Iodáil), Dallas Art Fair International Art Fair (SAM), IFPDA  New York Print Fair (SAM)
  • Ildisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíona agus chultúr na hÉireann ag féilte agus ionaid thábhachtacha cosúil leis an Belgrade Irish Festival (an tSeirbia), an Irish Cultural Centre Hammersmith (an Bhreatain) agus Jackson Hole Public Art (SAM)

 

Féach na faighteoirí anseo