Scéim Féach Anseo

Dearadh Scéim Féach Anseo go sonrach chun tacú le saothar ealaíontóirí Éireannacha in Éirinn a chur i láthair do phoiblitheoirí agus cláraitheoirí idirnáisiúnta d’fhonn deiseanna léirithe thar lear a chinntiú amach anseo.

De ghnáth is éard a bhíonn i gceist le tacaíocht Chultúr Éireann faoi Scéim Féach Anseo ná taisteal thoscairí idirnáisiúnta chun freastal ar fhéilte ina mbíonn clár ealaíontóirí Éireannacha á chur i láthair agus ag bualadh le healaíontóirí in Éirinn. Faoi láthair, i bhfianaise srianta taistil tarlaíonn sé seo go digiteach agus bíonn meascán de thaibhithe réamhthaifeadta agus rannpháirtíocht bheo i gceist.

Tugtar tús áite do fhreastal ar imeachtaí ina bhfeicfidh na toscairí idirnáisiúnta raon saothar le healaíontóirí Éireannacha agus do thoscairí a bhfuil baint acu le hionaid nó le féilte a bhfuil spéis acu i gclárú ealaíontóirí idirnáisiúnta.

 

Ní mór d’iarratasóirí a éiríonn leo Foirm Tuairisce Féach Anseo a chomhlánú tar éis a gcuairte agus a mhíniú céard atá ar intinn acu a dhéanamh maidir le saothar a chonaic siad in Éirinn.

 

2024 Scéim Féach Anseo Sceideal