Riachtanais agus Critéir Cháilithe an Iarratais

Tugann Cultúr Éireann tacaíocht d’ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha, d’eagraíochtaí ealaíon agus do láithreoirí idirnáisiúnta saothar le healaíontóirí Éireannacha a chur i láthair in ionaid agus i bhféilte suntasacha idirnáisiúnta. Glacfar le hiarratais ón ealaíontóir, ón eagraíocht ealaíon nó ón gcomhpháirtí idirnáisiúnta a chuirfidh an saothar i láthair.

Déanann Cultúr Éireann iarratais a mheas a bhaineann le healaíontóirí comhaimseartha na hÉireann agus le gach foirm ealaíne de réir mar atá sainmhínithe san Acht Ealaíon, 2003: “ciallaíonn na healaíona aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínitheach (bíodh sé sin traidisiúnta nó comhaimseartha), is cuma cén fhoirm, agus cuimsíonn siad, go háirithe, amharc-ealaíona, amharclannaíocht, litríocht, ceol, damhsa, ceoldrámaíocht, scannánaíocht, sorcas agus ailtireacht, agus cuimsítear aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.

Glacann Cultúr Éireann le hiarratais chun obair a chur i láthair ar líne do lucht féachana idirnáisiúnta i gcás go bhfuil ealaíontóir/eagraíocht Éireannach á cur/á chur i láthair ag comhpháirtí idirnáisiúnta. Ar na costais as imeachtaí ar líne a chuirfidh Cultúr Éireann san áireamh tá costais theicniúla, costais taifeadta, costais as an ionad a fháil ar cíos, costais as trealamh a fháil ar cíos, costais iarléirithe, ach d’fhéadfaí nithe eile a chur san áireamh chomh maith.

Bunriachtanais Cháilitheachta:

  1. Caithfear iarratas a dhéanamh i dtaca le healaíontóir gairmiúil Éireannach, ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha nó eagraíocht ealaíon.
  2. Ní mór an t-iarratas a dhéanamh i dtaca le foirm ealaíne mar a shainmhínítear faoin n Acht Ealaíon, 2003
  3. Níl tacaíocht ar fáil ach le haghaidh imeachtaí idirnáisiúnta (i.e. áit ar bith seachas oileán na hÉireann)
  4. Caithfear teacht a bheith ag lucht féachana/éisteachta oscailte poiblí ar an imeacht, caithfear é a chur chun cinn go forleathan agus caithfear táillí a íoc leis an ealaíontóir, leis na healaíontóirí nó leis an eagraíocht ealaíon.

Tá an-tiomantas ag Cultúr Éireann don chomhionannas, don éagsúlacht agus don ionchuimsitheacht.

Ba cheart go mbeadh cur amach ag gach iarratasóir ar na luachanna seo. Ba chóir cúrsaí inbhuanaitheachta a chur san áireamh i ngach céim den tionscadal.

Déantar iarratais cháilithe a mheasúnú i gcomhréir leis na critéir seo:

  1. Cáilíocht ealaíonta oibre agus dea-theist an ealaíontóra, na n-ealaíontóirí nó na heagraíochta ealaíne.
  2. Inmharthanacht airgeadais agus oibriúcháin an imeachta (lena n-áirítear táillí agus an leibhéal tacaíochta ó láithreoir/ionad/comhpháirtithe eile)
  3. Íomhá an ionaid/na féile idirnáisiúnta.
  4. Dea-theist léirithe ag iarratasóir, ealaíontóir, ealaíontóirí nó eagraíocht ealaíon saothar a chur i láthair go hidirnáisiúnta.
  5. Tionchar promóisin agus meán i gcoitinne.

 

Cad atá i gceist ag Cultúr Éireann le cáilíocht ealaíonta?

Is éard is cáilíocht ealaíonta ann saothar atá uaillmhianach, ar ardchaighdeán, ceannródaíoch, a théann i bhfeidhm ar lucht féachana/éisteachta agus atá curtha i láthair go náisiúnta agus ardmholadh faighte ina leith. Baintear feidhm as eolas, taithí agus sainchomhairle chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht ealaíonta an tsaothair atá beartaithe.

Samplaí d’iarratais incháilithe:

  • Taispeántais amharclannaíochta, sorcais agus damhsa ag compántais ghairmiúla
  • Déantóirí scannán ag cur scannáin i láthair le linn féilte tábhachtacha idirnáisiúnta scannán
  • Léirithe ag ceoltóirí agus grúpaí gairmiúla nó a bhfuil stiúrthóir gairmiúil acu.
    • Amharc-ealaíontóirí/gailearaithe atá chun saothar a thaispeáint in aontaí/i ngailearaithe aitheanta • Léamha ag scríbhneoirí/filí i mBéarla, i nGaeilge nó i dteanga eile i bhféilte liteartha idirnáisiúnta Samplaí d’iarratais neamh-incháilithe:
  • Imeachtaí a bhí ann cheana féin
  • Deiseanna taighde, staidéar nó oiliúint ghairmiúil
  • Costais Léiriúcháin
  • Cónaitheachtaí • Sparánachtaí
  • Ceardlanna/Comhdhálacha
  • Imeachtaí amaitéaracha
  • Obair déanta ag ealaíontóirí neamhghairmiúla
  • Imeachtaí iomaíocha

Ós rud é go bhfuil comhthéacs iomaíoch ag baint le gach babhta den deontas, méid teoranta maoinithe agus líon ard iarratasóirí ann, is gá a thabhairt faoi deara nach deimhniú go bhfaighidh tú/sibh maoiniú deontais é iarratas cáilithe a bheith ann a chomhlíonann critéir an mheasúnaithe.