Bhabhta Rialta

Tugann Cultúr Éireann tacaíocht d’ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha, d’eagraíochtaí ealaíon agus do láithreoirí idirnáisiúnta saothar le healaíontóirí Éireannacha a chur i láthair in ionaid agus i bhféilte suntasacha idirnáisiúnta.

Agus Cultúr Éireann ag tacú le himeacht, cuirtear maoiniú deontais ar fáil faoi chomhair costais a bhaineann go díreach leis an imeacht a chur i láthair go hidirnáisiúnta, i.e., costais taistil agus costais a bhaineann le taisteal mar shampla iompar, lóistín agus cothú.

Riachtanais agus Critéir Cháilithe an Iarratais

Téarmaí agus Coinníollacha an Deontais

An deontas a tharraingt anuas

Nuashonrú – Spriocdhátaí Babhtaí Deontais Chultúr Éireann daingnithe do 2025

Beidh ceithre bhabhta deontais ann in 2025 a chlúdóidh gach deis gníomhaíochta i rith na bliana.

Bunaithe ar aiseolas, táimid ag cur leis an amlíne gníomhaíochta do gach babhta freisin – sonraí iomlána thíos – seiceáil le do thoil go bhfuil do thionscadal incháilithe sula gcuirtear isteach é.

Is é meánoíche, an 1 Aibreán 2024 an chéad spriocdháta eile d’iarratais deontais. Caitear iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin dáta seo chun saothar a léiriú go hidirnáisiúnta ó lár mhí an Mheithimh ar aghaidh.