An deontas a tharraingt anuas

Sainmhínithe

Is é is ciall le ‘Deontas’ maoiniú a bhronnann Cultúr Éireann ar eagraíochtaí ealaíon,
ealaíontóirí nó grúpaí atá ag obair leis na healaíona a bhfuil sé mar chuspóir acu
ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain
Is é is ciall le ‘Deontaí’ an té a fhaigheann maoiniú ó Chultúr Éireann
Is é is ciall le ‘Imeacht’ an t-imeacht, camchuairt, tionscadal nó taispeántas lena bhfuil
Deontas ag tacú

 

 

Coinníollacha a bhaineann le Deontas a tharraingt anuas

 

1. Deontas a Tharraingt Anuas

Ní mór cloí leis na nósanna imeachta seo a leanas agus deontas á tharraingt anuas. Mura gcloítear leo, b’fhéidir go mbeadh moill ann deontas a íoc agus/nó go
dtarraingeofaí an deontas siar. Caithfidh deontaithe an tarraingt anuas a bhainistiú iad féin agus, mar chuid de sin, admhálacha agus aon doiciméid eile a chur mar ríomhphost chuig
[email protected] ach amháin má deirtear leo rud éigin eile a dhéanamh.

 

 

2. Íocaíocht

Ní íocfar deontais ach go díreach i gcuntas bainc a bhfuil ainm an deontaí air. Ní dhéanfar íocaíocht le haon tríú páirtithe. Úsáidfear ríomhaistriú airgid leis an
íocaíocht a dhéanamh. Caithfidh gach deontaí Sainordú Bainc a chur isteach roimh éileamh a chur isteach (ach amháin má fuarthas íocaíocht roimhe seo ó Chultúr
Éireann chuig an gcuntas bainc céanna). Ní féidir íocaíocht a dhéanamh ach le cuntais bhainc atá in ann glacadh le haistriú in Euro. Tá an deontaí féin freagrach as
a dheimhniú go bhfuil an banc in ann glacadh le híocaíochtaí in Euro.

 

3. Sonraí Cánach

Caithfidh deontaithe comhartha aitheantais bailí cánach a thabhairt ar an bhFoirm Sonraí Bainc agus ar an iarratas ar líne.
Ní mór na doiciméid seo a leanas a chur ar fáil chomh maith ag brath ar chúinsí an iarratasóra:

 

 

  •  i gcás cuideachtaí atá lonnaithe in Éirinn – gabháil scáileáin ó chuntas ar líne na
    gCoimisinéirí Ioncaim a thaispeánann sonraí clárúcháin cánach (CA agus an cineál
    cánach); leis sin a dhéanamh, beidh orthu:i.     Logáil isteach in ROS
    ii.    Leanúint ar aghaidh go dtí an táb “Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim” ag barr an
    leathanaigh
    iii.   Ar an leathanach “Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim” ar thaobh na láimhe clé,
    “Sonraí Clárúcháin” a roghnú
    Mura dtaispeántar an cineál cánach (Cáin Chorparáideach/Cáin Ioncaim) ar an
    scáileán seo, caithfear cóip de dhoiciméad oifigiúil ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur
    ar fáil ina ionad sin ar a dtugtar Ainm, Aitheantas Cánach agus Cineál Cánach na
    cuideachta.
      i gcás daoine atá lonnaithe in Éirinn agus atá féinfhostaithe nó a dhéanann féinmheasúnú cánach – cóip d’fhoirm an Fhéinmheasúnaithe ar a dtugtar ainm,
    uimhir cláraithe cánach agus aicme cánach ioncaim an duine

    i gcás fostaithe atá lonnaithe in Éirinn – cóip/gabháil scáileáin de Dheimhniú Creidmheasanna Cánach ar a dtugtar uimhir PSP agus ainm an duine (gheofar é sin
    ar Ros.ie/myaccounts/mydocuments)

      i gcás deontaithe eachtracha nach bhfuil ina gcónaí in Éirinn (má tá siad cláraithe le haghaidh cháin Éireannach nó nach bhfuil) – deimhniú ar aitheantas eachtrach
    cánach (i.e. doiciméad oifigiúil ó na húdaráis eachtracha chuí chánach)

 

* I gcás go bhfuil íocaí i ndiaidh íocaíochtaí de €10,000 nó os a chionn a fháil ó chistípoiblí taobh istigh de thréimhse 12 mhí gan bhriseadh, beidh ríomh-imréiteach
cánach ag teastáil chomh maith. Ba chóir do dheontaithe atá lonnaithe in Éirinn seirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid nó teagmháil a dhéanamh leis an oifig cánach áitiúil acu féin
chun iarratas a dhéanamh ar ríomh-imréiteach cánach. Is féidir le hiarratasóirí nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn an córas le haghaidh Ríomh-Imréiteach Cánach (eTC) a
úsáid chun ríomh-imréiteach cánach a lorg (má tá siad cláraithe le haghaidh cáin Éireannach), nó Foirm TC1 a chomhlánú agus a chur chuig
[email protected] (mura bhfuil siad cláraithe le haghaidh cáin Éireannach). Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

 

Más bainteach, caithfidh deontaithe Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach (TCAN) a chur ar fáil, mar aon le UPSP/uimhir thagartha, a fhágann go mbeidh Cultúr Éireann
in ann stádas cánach deontaí a dheimhniú ar ROS nuair a bheidh an íocaíocht le húdarú. Gintear an TCAN nuair a dhéanann tú iarratas ar ríomh-imréiteach cánach.

Gnás nua maidir le Réamhíocaíocht
Mar is eol do chuid agaibh, in amanna d’fhéadfadh sé go mbeadh íocaíocht roimh ré suas le 30% de dheontais ar fáil, é sin ag brath ar acmhainní a bheith ar fáil, mar
fhreagairt ar an mboilsciú suntasach atá ann agus mar iarracht le go mbeidh teacht níos éasca ag ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon Éireannacha ar shruthanna
maoinithe Chultúr Éireann. Níl maoiniú roimh ré ar fáil ach sa tréimhse sé mhí roimh an imeacht. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar íocaíocht roimh ré suas le
30% den deontas, líon an tábla seo a leanas agus cuir ar ais chuig [email protected] é, uimhir an iarratais á lua. Bí cinnte freagra a
thabhairt ar gach ceist.
1. Luaigh an Uimhir Thagartha don Deontas
2. Deimhnigh an méid is mian leat iarratas a dhéanamh lena tharraingt anuas roimh
ré (30% den tairiscint deontais ar a mhéad)
3. Tabhair na cúiseanna a bhfuil íocaíocht roimh ré á lorg (tabhair sonraí maidir le
costais a chlúdófaí leis an íocaíocht roimh ré seo, más féidir).
4. Deimhnigh go bhfuil an t-imeacht lena mbaineann an deontas seo le dul ar
aghaidh, go bhfios duit. (Mura dtéann an t-imeacht ar aghaidh i gcás gur cuireadh
maoiniú roimh ré ar fáil, b’fhéidir go mbeadh an maoiniú sin le híoc ar ais le Cultúr
Éireann nó go mbainfí é ó dheontais amach anseo).

 

4. Dáta don tarraingt anuas

Ní mór an deontas a éileamh am éigin sa tréimhse SÉ SEACHTAINE i ndiaidh an imeachta. Ní féidir a dheimhniú go ndéanfar íocaíocht mura ndéanann tú éileamh
roimh an spriocdháta seo. Aon suimeanna airgid nach ndéantar éileamh orthu sa tréimhse 12 mhí tar éis an imeachta, tarraingeofar siar iad.
Ní íocfaidh Cultúr Éireann deontais roimh an imeacht. Is é an 15 Samhain an spriocdháta in aon bhliain féilire chun éilimh ar íocaíocht a
chur isteach. Má chuirtear éilimh isteach i ndiaidh an dáta sin, b’fhéidir go mbeadh moill ann iad a phróiseáil go dtí mí Eanáir den bhliain dár gcionn.

 

 

5. Cruthúnas ar Íocaíocht

Is gá cóipeanna scanta de bhunchóipeanna d’admhálacha nó fianaise ar íocaíocht suas go luach an deontais a chur isteach leis an deontas a éileamh. Más i dteanga seachas
Gaeilge nó Béarla atá aon admhálacha nó cruthúnas eile ar íocaíocht, caithfear iad a aistriú sula gcuirtear isteach iad. Caithfidh dáta na hadmhála nó an chruthúnais ar
íocaíocht agus méid atá á éileamh a bheith le feiceáil go soiléir nó diúltófar don doiciméad gan cheist.
Tá sé de cheart ag Cultúr Éireann admhálacha a dhiúltú agus/nó bunchóipeanna d’admhálacha nó d’aon chruthúnas eile ar íocaíocht a éileamh.Maidir le hadmhálacha nó cruthúnas ar íocaíocht a úsáidtear chun tacú leat i dtarraingt anuas an deontais, ní féidir a leithéid a úsáid chun tacú leat éileamh eile
a dhéanamh ar Chultúr Éireann nó ar aisíocaíocht ó aon mhaoinitheoir eile

 

 

6. Éilimh in airgeadra seachas Euro

Caithfidh deontaithe ráta malairte an Euro a bhí i gceist ar lá an idirbhirt (i.e. an dáta ar cheannaigh tú ticéad aerlíne nó ar chuir tú lóistín in áirithe). Seans go
mbeadh tiontaire stairiúil airgeadra mar fxtop.com áisiúil sa chás sin

 

7. Summary Expenditure Sheet

Ní mór Bileog Chaiteachais Achomair a chur isteach leis an gcruthúnas ar íocaíocht.

 

8. Online Report Form

Caithfidh deontaithe Foirm Thuairisce ar líne a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh i ndiaidh an imeachta agus éileamh a dhéanamh chun deontas a
tharraingt anuas. Tá na teimpléid seo a leanas le haghaidh tuairiscí le fáil ar an suíomh gréasáin seo.

 

Babhta Deontais: foirm thuairisce
Seóthaispeántas/Toscaire: foirm thuairisce
Féach Anseo: foirm thuairisce

 

 

9. Contact Details

Ba cheart gach ceist maidir le deontais a chur ar an ríomhphost chuig [email protected] (tabhair uimhir thagartha an deontais i líne an ábhair)

Tá sé de cheart ag Cultúr Éireann aon cheann de na téarmaí agus coinníollacha thuas a ligean ar leataobh nó a athrú.

 

Download Bank Mandate Form (WORD)

Download Summary Expenditure Sheet (Excel)