Téarmaí agus Coinníollacha an Deontais

Is gá na coinníollacha thíos a chomhlíonadh ina n-iomláine agus go sásúil sula mbeifear in ann deontas a tharraingt anuas.

1. Tairiscint Deontais

Nuair a ghlactar le tairiscint deontais, glacann an deontaí leis na coinníollacha seo ina
n-iomláine.
Ní féidir deontas a úsáid ach i gcomhair na gcostas faoi leith ceadaithe ag Cultúr
Éireann mar atá leagtha sa tairiscint deontais a fuair tú agus ar shlí a bhaineann amach
an luach is fearr agus is féidir ar airgead.

2. Comhairle Taistil

Ní mór árachas taistil a bheith socraithe chun clúdach a thabhairt i gcás leasuithe ar
shocruithe taistil nó má chuirtear socrú ar ceal. Ní dhéanfaidh Cultúr Éireann costais a
aisíoc i gcásanna nach mbeidh an t-imeacht ar siúl nó mura mbíonn taisteal ann.

3. Aitheantas as tacaíocht ó Chultúr Éireann

Caithfidh na daoine a gheobhaidh aon deontas aitheantas a thabhairt don tacaíocht ó
Chultúr Éireann agus lógó Chultúr Éireann a úsáid san fhormáid chuí ar an ábhar
poiblíochta ar fad bainteach leis an imeacht. Is gá aitheantas a thabhairt ar an leibhéal
céanna agus a thabharfar d’urraitheoirí nó deontóirí corparáideacha nó eile as
tacaíocht den chineál céanna. Coinneofar súil ar chúrsaí lena chinntiú go gcloífear leis
an gcoinníoll seo. Tá sé de cheart ag Cultúr Éireann cóipeanna a iarraidh den ábhar
poiblíochta ar fad leis an imeacht a phoibliú. Tá lógónna agus treoirlínte maidir lena núsáid le fáil ar ár suíomh gréasáin.

4. Clúdach sna Meáin
Iarrtar orthu siúd a gheobhaidh deontas naisc chuig aon chlúdach sa phreas, aon
léirmheasanna agus grianghraif ábhartha a bhaineann leis an imeacht a chur i
ríomhphost chuig [email protected] agus an uimhir thagartha ó thairiscint
an deontais a lua. Ba cheart an t-eolas sin a chur isteach roimh an imeacht, lena linn
agus ina dhiaidh. Féadfaidh Cultúr Éireann ábhar a chuirfear isteach a úsáid ar son
poiblíochta.

Iarraimid orthu siúd a gheobhaidh deontas cairdeas a dhéanamh le Cultúr Éireann ar
na meáin shóisialta sa dóigh is gur féidir linn an oiread poiblíochta agus is féidir a
dhéanamh ar imeachtaí a gheobhaidh tacaíocht uainn. Is gá Cultúr Éireann a chlibeáil i
ngach postáil a bhaineann le himeachtaí a bhfuil tacaíocht ann dóibh (Twitter
@culture_ireland, Facebook @CultureIreland agus Instagram @cultureireland).

5. Cistí a tharraingt anuas

Sula ndéantar éileamh chun deontas a tharraingt anuas, caithfidh deontaithe an
fhoirm ar líne Tuairisc ar Thorthaí a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh i ndiaidh an
imeachta. Má dhéantar an Fhoirm Thuairiscithe a chomhlánú ar bhealach easnamhach
nó míchuí, ní dhéanfaidh Cultúr Éireann na cistí a scaoileadh.

Déantar cistí a tharraingt anuas bunaithe ar chaiteachas dearbhaithe agus deimhniú
nach bhfuil agus nach mbeidh na hadmhálacha á n-úsáid chun éileamh a dhéanamh ar
aon fhoinse eile. Is gá na doiciméid ar fad (Foirm Thuairiscithe Chultúr Éireann ina
measc) a chur isteach tráth nach déanaí ná sé seachtaine i ndiaidh an imeachta.

Íoctar gach deontas in Euro. Tá an deontaí féin freagrach as a dheimhniú go bhfuil an
cuntas bainc a thugtar in ann glacadh le híocaíochtaí in Euro. Tá eolas breise faoin
dóigh leis an deontas a tharraingt anuas sa doiciméad dar teideal “An Deontas a
Tharraingt Anuas”.

6. Athruithe ar an Imeacht

Má bhítear chun aon athrú a dhéanamh ar an imeacht a bhfuil tacaíocht faighte ina
leith (i.e., athruithe ar an dáta, ionad, ealaíontóir ainmnithe nó aon athrú suntasach
eile), ní mór comhaontú scríofa a fháil ó Chultúr Éireann roimh ré. Tá sé de cheart ag
Cultúr Éireann tairiscint aon deontais a tharraingt siar nó a leasú agus athruithe
suntasacha á ndéanamh ar imeacht.

7. Beartas um Chosaint Leanaí

Tá dualgas ar dheontaithe atá bunaithe in Éirinn Cultúr Éireann a chur ar an eolas más
rud é go mbeidh aon obair nó gníomhaíocht mar chuid den imeacht a mbeidh
teagmháil le leanaí ann nó má bhaineann an obair nó imeacht le gníomhaíochtaí
oideachais, taighde, oiliúna, cultúrtha, fóillíochta, áineasa, sóisialta nó coirp a chur ar
fáil do leanaí.

Más bainteach, ba chóir don deontaí a dheimhniú go bhfuil Ráiteas um Chumhdach
Leanaí ann atá ag teacht leis an Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus le Tús Áite do
Leanaí: Treoirlínte Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí, 2017, chomh maith le
Beartas um Aosaigh Leochaileacha.

Ba chóir do gach deontaí a chinntiú go bhfuil polasaithe áitiúla um chosaint leanaí i
bhfeidhm nuair is cuí.

Children First National Guidance for the Protection and Welfare of Children 2017

8. Acmhainní Tábhachtacha don Earnáil

Iarrtar ar gach deontaí am a chaitheamh leis na hacmhainní tábhachtacha seo:

An clár Safe to Create: tá eolas maidir le Safe to Create anseo. Clár don Dínit san Ionad
Oibre is ea Safe to Create. Is é is aidhm don chlár seo athrú a bhaint amach ar chultúr
agus cleachtais earnáil na n-ealaíon in Éirinn le go mbeidh coinníollacha oibre níos
sábháilte ann ag ealaíontóirí agus acu siúd atá ag obair sna healaíona.

Is é Foras Amharclannaíochta na hÉireann a dhéanann an clár seo a bhainistiú thar
ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i
gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, le Fís Éireann agus Minding Creative Minds.

Minding Creative Minds – Seo seirbhís 24/7 atá saor in aisce a thugann cineálacha
éagsúla tacaíochta ar fáil don Earnáil Chruthaitheach in Éirinn. Clár tacaíochta folláine
32 chontae agus do mhuintir na hÉireann thar lear atá sa tseirbhís seo. Tá tuilleadh
eolais ar Minding Creative Minds le fáil anseo.

9. Saoráil faisnéise

Féadfar faisnéis a thugtar do Chultúr Éireann a nochtadh mar fhreagairt ar iarratas a
dhéantar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Déanfar gach iarracht rúndacht
deontaithe a chosaint i gcomhréir le téarmaí an Achta.

10. Dámhachtainí Deontais a fhoilsiú agus Ráiteas Príobháideachta

Tá beartas ag Cultúr Éireann sonraí ábhartha maidir le deontais a bhronntar a fhoilsiú
ar líne, sonraí mar ainmneacha an deontaí, méid an deontais atá á thairiscint agus
achoimre ar an imeacht atá beartaithe. D’fhéadfaí sonraí eile a thabhairt chomh
maith. Tá Cultúr Éireann ag feidhmiú i gcomhréir le hoibleagáidí na Roinne
Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin RGCS:

Tá an Roinn tiomanta i dtaobh príobháideachas a chosaint agus meas a léiriú air an
bpríobháideachas sin. Tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm ag an
Roinn le do chuid faisnéise a chosaint ar rochtain gan údarás. Ní dhéanfaidh an Roinn
bhur gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil ar aon chúis seachas an chúis faoinar bailíodh
iad. Féadfar sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le
gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí
áirithe ina ndéantar foráil dá leithéid de réir dlí. Ní choinneoidh an Roinn bhur gcuid
sonraí pearsanta ach fad is gá iad a choinneáil ar mhaithe leis an gcúis lenar bailíodh
iad agus iad a phróiseáil ina dhiaidh sin. Nuair a rachaidh an riachtanas gnó an
fhaisnéis seo a choinneáil in éag, scrúdófar í d’fhonn na sonraí pearsanta a scriosadh a
luaithe agus is féidir agus i gcomhréir le beartas na Roinne.

11. Cosaint Sonraí
Féach anseo i dtaca le cosaint sonraí agus an Roinn.