Cultúr Éireann : Próiseas chun Deontas Rialta a mheasúnú

Tá scéim maoinithe deontais rialta Chultúr Éireann deartha chun tacú leis na healaíona Éireannacha a chur i láthair agus a chur chun cinn go hidirnáisiúnta. Tá sceideal chóras na ndeontas athraithe ag Cultúr Éireann. Tá méadú ar an líon babhtaí deontais gach bliain chun freastal ar ealaíontóirí agus láithreoirí domhanda sa tréimhse dhúshlánach seo. Sa doiciméad “Cultúr Éireann: Próiseas chun Deontas Rialta a mheasúnú” tugtar míniú go mion ar an tslí a ndéanann Cultúr Éireann iarratais ar dheontas a mheasúnú.

 

Forléargas

Cáilitheacht: Tá bunriachtanais cháilitheachta i bhfeidhm i gcás iarratas ar thacaíocht mhaoiniúchán. Féach an doiciméad faoi riachtanais cháilitheachta atá leis seo chun tuilleadh eolais a léamh.

 

Níl na gníomhaíochtaí/nithe seo i dteideal tacaíochta: deiseanna taighde, staidéar, oiliúint ghairmiúil, costais léiriúcháin, deiseanna cónaitheachta, sparánachtaí, imeachtaí amaitéaracha, ceardlanna/comhdhálacha, saothar déanta ag ealaíontóirí neamhghairmiúla agus saothair iomaíocha.

 

Costais a Ghlacfar: agus Cultúr Éireann ag tacú le himeacht, cuirtear maoiniú deontais ar fáil faoi chomhair costais taistil agus costais a bhaineann le taisteal a bhaineann go díreach leis an imeacht a chur i láthair go hidirnáisiúnta, i.e., taisteal/iompar, lastas, lóistín agus cothú. Ní féidir maoiniú ó Chultúr Éireann a úsáid le táillí ealaíontóirí a chlúdach. Ba chóir d’ealaíontóirí táille luach a saothair a fháil. Ar na costais as imeachtaí ar líne a chuirfidh Cultúr Éireann san áireamh tá costais theicniúla, costais taifeadta, costais as an ionad a fháil ar cíos, costais as trealamh a fháil ar cíos, costais iarléirithe, ach d’fhéadfaí nithe eile a chur san áireamh chomh maith. Is gá cóipeanna scanta de bhunchóipeanna d’admhálacha nó fianaise ar íocaíocht suas go luach an deontais a chur isteach leis an deontas a éileamh. Tá tuilleadh eolais le fáil i gcuid 5 den doiciméad An Deontas a Tharraingt Anuas.

 

Foirm Iarratais: caithfidh gach iarratasóir foirm iarratais a chomhlánú ina hiomláine. Ba chóir aon iarratais a dhéantar i nGaeilge a sheoladh chuig [email protected]. Measfar gur iarratais neamh-incháilithe iad iarratais neamhiomlána. Maille leis sin, má iarrann Cultúr Éireann tuilleadh eolais ar iarratasóirí agus mura n-éiríonn le hiarratasóirí an t-eolas sin a chur ar fáil, beidh an t-iarratas sin neamh-incháilithe.

 

Measúnú: I gcás iarratais a chomhlíonann na riachtanais cháilitheachta agus a bhfuil an t-eolas ábhartha go léir ina dtaobh curtha isteach, déanann Feidhmeannas Chultúr Éireann na hiarratais sin a mheasúnú i gcomhréir le critéir fhoilsithe Chultúr Éireann.

Ina theannta sin, cuirtear iarratais ar aghaidh chuig speisialtóirí neamhspleácha seachtracha i bhfoirmeacha ealaíne éagsúla, ó Phainéal Speisialtóirí. Cuireann na speisialtóirí sin nótaí isteach bunaithe ar an eolas atá acu ar chaighdeán ealaíonta na hoibre a bhfuil tacaíocht á lorg ina leith agus tráthúlacht an tseans seo i ngairm an ealaíontóra an obair a chur i láthair mar atá beartaithe.

 

Agus dearcthaí faighte ó Shaineolaithe agus ó líonra na hambasáide, agus measúnú déanta ag Feidhmeannas Chultúr Éireann, cuirtear gach iarratas cáilithe mar aon le moltaí ó thaobh maoinithe de faoi bhráid Choiste Comhairleach Saineolaithe. Chultúr Éireann. Tá cur síos ar an bpróiseas iomlán sa doiciméad a ghabhann leis seo ar féidir é a íoslódáil thíos.

 

Tugtar faoi deara: ós rud é go bhfuil comhthéacs iomaíoch ag baint le gach babhta den deontas, méid teoranta maoinithe agus líon ard iarratasóirí ann, ní féidir maoiniú a mholadh le haghaidh na n-iarratasóirí cáilithe ar fad. Ní deimhniú é go bhfaighidh tú maoiniú deontais má shásaíonn agus má chomhlíonann tú na critéir don mheasúnú.