An Scéim Taispeántais

Tá sé mar phríomhaidhm ag an Scéim Taispeántais deiseanna nua a chruthú d’ealaíontóirí Éireannacha a saothar a chur i láthair ar an ardán domhanda.

Baintear an aidhm seo amach trí thacaíocht d’ealaíontóirí Éireannacha chun páirt a ghlacadh in imeachtaí taispeántais tionscail. Mar chuid dá rannpháirtíocht nuair is féidir. Éascaíonn Cultúr Éireann ealaíontóirí a saothar a chur i láthair do thoscairí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cláraitheoirí agus láithreoirí.

Seo a leanas tosaíochtaí straitéiseacha na Scéime Taispeátais:

  • Teagmháil leanúnach a chinntiú idir ealaíontóirí Éireannacha agus príomh-láithreoirí/chláraitheoirí idirnáisiúnta
  • Feasacht agus spéis na hearnála idirnáisiúnta a mhéadú ar shaothar nua agus le déanaí le healaíontóirí Éireannacha d’fhonn comhoibriú/comhpháirtíocht/cur i láthair a dhéanamh amach anseo.
  • Meantóireacht a chur ar fáil d’ealaíontóirí le tagairt ar leith do chur i láthair a saothar sa timpeallacht idirnáisiúnta
  • Taifeadtaí digiteacha/ábhar poiblíochta ar ardchaighdeán a chur chun cinn chun ealaíontóirí Éireannacha a chur ar taispeáint.

Is clár é Music from Ireland, a chuirtear ar fáil i gcomhpháirtíocht le First Music Contact chun ceol Éireannach a chur i láthair go hidirnáisiúnta. Léigh níos mó anseo.

Tógann Cultúr Éireann toscaireachtaí Éireannacha chuig imeachtaí ar nós WOMEX World Music Expo, Classical: Next agus Folk Alliance International agus téann sé i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí acmhainne náisiúnta i seachadadh go leor de na Taispeántais eile thíosluaite.

 

 

2024 Culture Ireland Showcase Programme

Ní mór d’iarratasóirí a n-éiríonn leo Foirm Tuairisce Taispeántais a chomhlánú nuair a chuirtear an ghníomhaíocht i gcrích.