Glacann Cultúr Éireann le hiarratais ar pháirt a ghlacadh mar thoscaire ag Tanzmesse 2024 (28 – 31 Lúnasa 2024)

Fáiltíonn Cultúr Éireann roimh iarratais ó rinceoirí, bainisteoirí cuideachtaí rince agus léiritheoirí rince as Éirinn ar mhaith leo páirt a ghlacadh in Tanzmesse in Düsseldorf, sa Ghearmáin, a bheidh ar siúl ón 28 go dtí an 31 Lúnasa 2024.

Is imeacht débhliantúil é Tanzmesse agus is mol idirnáisiúnta é do ghairmithe rince ar fud an domhain chun aithne a chur ar ghníomhairí, láithreoirí agus cláraitheoirí agus chun deiseanna camchuairte a chruthú dá gcuid oibre.

Le haghaidh eagrán 2024, tá Cultúr Éireann ag leanúint lena chomhpháirtíocht le Rince Éireann, atá ag bainistiú agus ag seachadadh seastán na hÉireann ag an imeacht agus ag obair go dlúth le Cultúr Éireann chun tuilleadh deiseanna idirnáisiúnta a fhorbairt d’ealaíontóirí Éireannacha ón bpobal rince.

Déanfar iarratais a mheas ar na boinn seo a leanas:

• conas a d’éirigh leis an rinceoir / leis an gcuideachta saothar a léiriú thar lear go dtí seo
• fianaise ar mholadh léirmheastóirí as an saothar atá le cur chun cinn ag Tanzmesse agus a oiriúnacht do chamchuairteanna idirnáisiúnta
• cumas na cuideachta leas a bhaint as deiseanna chun camchuairt idirnáisiúnta a dhéanamh thar na 18 mí atá romhainn (2025/2026)
• liosta na dteagmhálaithe idirnáisiúnta a bhfuil sé beartaithe ag an damhsóir/cuideachta bualadh leo ag Tanzmesse

Tabharfar tús áite do na hiarratasóirí sin a bhfuil saothar acu atá ar fáil le haghaidh camchuairte ó 2024 go 2026, agus atá in ann fianaise a sholáthar gur mhol léirmheastóirí neamhspleácha a saothar.

Caithfidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo a bheith in ann freastal ar Tanzmesse ar feadh na gceithre lá ar fad agus a bheith ar fáil chun cabhrú le freastal sceidealta ar sheastán na hÉireann.

Tacaíocht ó Chultúr Éireann:

Cuirfidh Cultúr Éireann maoiniú ar fáil do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo i dtreo táillí clárúcháin, costais taistil agus lóistín. (€800) Beidh iarratas amháin sparánachta in aghaidh na cuideachta incháilithe lena bhretihniú le haghaidh ealaíontóra, léiritheora nó bainisteoir cuideachta.

Contas Iarratas a Dhéanamh:

Caithfidh iarratasóirí iarratas a chomhlíonadh agus a chur isteach trí chóras ar líne Chultúr Éireann. Cliceáil anseo chun tús a chur le d’iarratas. Caithfidh an t-eolas seo a leanas a chur leis:

• Eolas faoi léirithe le cur chun cinn
• Cóipeanna de léirmheasanna ábhartha
• Beathaisnéis an iarratasóra
• Grianghraf d’aghaidh an iarratasóra

Is é 5 i.n. Dé Luain an 20 Bealtaine 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Rochtain
Má theastaíonn tacaíocht bhreise uait chun an t-iarratas seo a chomhlánú, déan teagmháil le do thoil le [email protected]

An bhfuil ceist agat?

Óstálfaidh Cultúr Éireann seisiún eolais ar Zoom faoi Tanzmesse Dé Céadaoin, an 8 Bealtaine ag 12 meán lae – mairfidh an seisiún timpeall 45 nóiméad. Chun cláraithe, seol ríomhphost chuig: [email protected]