Gairm ar Thoscairí: Cultúr Éireann ag Classical:NEXT – Beirlín, an Ghearmáin (Bealtaine 2025)

Tá iarratais á lorg ag Cultúr Éireann ó pháirtithe leasmhara chun páirt a ghlacadh i dtoscaireacht na hÉireann ag Classical: NEXT atá le tarlú i mBeirlín na Gearmáine idir an 12 agus an 15 Bealtaine 2025.

Is seóthaispeántas agus comhdháil tionscail idirnáisiúnta é Classical:NEXT atá dírithe ar earnáil an cheoil chlasacaigh agus chomhaimseartha. San imeacht líonraithe ceithre-lá beidh ceolchoirmeacha seóthaispeántais agus imeacht trádála ina mbeidh tionscadail agus seirbhísí á gcur i láthair. Tá tuilleadh eolais faoin imeacht ar fáil anseo.

Tá líon teoranta sparánachtaí toscaire á chur ar fáil ag Cultúr Éireann atá dírithe ar ealaíontóirí, bainisteoirí, agus ionadaithe ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí. Ba cheart d’iarrthóirí dea-theist a bheith orthu ó thaobh éachtaí in earnáil an cheoil chlasacaigh agus chomhaimseartha, chomh maith le taithí éigin ar thaispeántais idirnáisiúnta agus ábhar margaíochta den scoth a bheith acu.

Is coinníoll den tacaíocht é go bhfreastalaí toscairí ar sheastán Chultúr Éireann ar feadh tréimhsí áirithe, bunaithe ar sceideal a chomhaontófar roimh ré.

Is i gcomhair costas eitiltí ar ais, clárúcháin, agus ranníocaíocht i leith lóistín agus cothabhála atá an deontas (€800 an toscaire).

Ní bhronnfar ach sparánacht toscaire amháin in aghaidh na heagraíochta. Ba cheart d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne le Cultúr Éireann. Brúigh anseo chun iarratas a dhéanamh.

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais chomhlánaithe ar sparánacht toscaire a chur isteach ná Dé Céadaoin 19ú Márta ag a 5in.