Gairm ar Ealaíontóirí le Cur i Láthair ag International Theatre eXchange, Féile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath, 2024

Tá Cultúr Éireann, i gcomhpháirtíocht le Féile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath agus Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann, ag lorg aighneachtaí ó ealaíontóirí/compántais Éireannacha ar mhaith leo faisnéis faoi shaothair nuachruthaithe a chur i láthair do thoscairí idirnáisiúnta mar chuid de International Theatre eXchange (ITX) na bliana seo le linn Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath.

 

Tabharfar ardán do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo chun a gcuid tionscadal a chur i láthair do na toscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beidh an deis seo ar siúl Dé hAoine, an 4 Deireadh Fómhair 2024.

 

Seo a leanas cuspóirí an tionscnaimh seo:

  • Ardán a sholáthar d’ealaíontóirí/léiritheoirí Éireannacha chun a gcuid saothar a chur i láthair agus a chur chun cinn do láithreoirí idirnáisiúnta.
  • Deiseanna a chruthú d’ealaíontóirí Éireannacha chun líonraí camchuairte idirnáisiúnta a thógáil dá gcuid saothar.
  • Ealaíontóirí agus compántais Éireannacha a chur in aithne do chláraitheoirí idirnáisiúnta.

 

Mar thoradh ar rannpháirtíocht sa tionscnamh seo sna blianta roimhe seo tá deiseanna suntasacha idirnáisiúnta ann do na healaíontóirí/compántais atá i gceist.

 

Critéir Cháilithe:

  • Ní mór d’iarratais na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
  • Ní mór gur léiriúchán gairmiúil é an saothar atá beartaithe a léiríodh den chéad uair le 18 mí anuas agus atá réidh anois le dul ar camchuairt go hidirnáisiúnta.
  • Ní mór fianaise ar aitheantas criticiúil neamhspleách dearfach a bheith ar fáil.
  • Taifead den saothar a chur ar fáil i bhfoirm íomhánna gluaiste d’ardchaighdeán.
  • Caithfidh an t-iarratasóir a bheith ar fáil le haghaidh obair ullmhúcháin roimh an bhféile agus chun plé a dhéanamh le láithreoirí idirnáisiúnta ag ITX.

 

Tabhair faoi deara: Ní bheidh obair a cuireadh i láthair mar chuid de chláir Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath roimhe seo nó de Sheisiúin Chur i Láthair Chultúr Éireann roimhe seo nó saothar a raibh cur i láthair ardphróifíle acu lasmuigh d’Éirinn incháilithe lena bhreithniú. Chomh maith leis sin, ní dhéanfar léiriúcháin a bhí mar chuid de Thaispeántas Dhún Éideann Chultúr Éireann a mheas don deis seo.

 

Measúnú:

 

Déanfar iarratais a mheas bunaithe ar na nithe seo a leanas:

  • Comhlíonadh na gcritéir cháilithe.
  • Caighdeán an léirithe ó thaobh feidhmíochta, luachanna léiriúcháin agus ábhair de.
  • Cumas an ealaíontóra/chompántais leas a bhaint as deiseanna camchuairte a eascraíonn as an gclár
  • Treochtaí cláir reatha i bpríomhfhéilte agus ionaid idirnáisiúnta.

 

Is iad Cultúr Éireann, Féile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath agus Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann a dhéanfaidh an roghnú i gcomhpháirt.

 

Chun iarratas a dhéanamh:

Caitear iarratais a chur isteach anseo roimh 5 i.n., Déardaoin, an 29 Lunasa 2024.

 

Rochtain

Má theastaíonn tacaíocht bhreise uait chun an t-iarratas seo a chomhlánú, déan teagmháil le do thoil le [email protected]