GAIRM AR EALAÍONTÓIRÍ: COMHDHÁIL CHUMANN NA bhFÉILTE ÉIREANNACHA AGUS CEILTEACHA 2024 (Chicago, Deireadh Fómhair)

I ndiaidh na comhdhála píolótaí rathúla i nGaillimh in 2023, tá Cultúr Éireann ag dul i gcomhar arís le Cumann na bhFéilte Éireannacha agus Ceilteacha chun ealaíontóirí Éireannacha a chur i láthair a gcomhdhála.

Reáchtálfar comhdháil na bliana seo idir Dheireadh Fómhair 24-26, 2024, in Chicago, in Ionad Oidhreachta na nGael-Mheiriceánach agus in Óstán Congress Plaza.

Is eagraíocht í Cumann na bhFéilte Éireannacha agus Ceilteacha atá comhdhéanta de níos mó ná 60 féile Éireannacha agus Ceilteacha ar fud Mheiriceá Thuaidh. Is áit chruinnithe ríthábhachtach don líonra seo í an chomhdháil bhliantúil.

Ceaptar go mbeidh mórchuid na bhféilte agus na n-ionad seo ó fud fad Mheiriceá Thuaidh i láthair agus iad ag lorg ealaíontóirí dá bhféilte atá ag teacht aníos in 2025 agus ina dhiaidh sin.

Cuirfidh Cultúr Éireann tacaíochtaí taistil ar fáil d’ealaíontóirí atá lonnaithe ar oileán na hÉireann a roghnófar don deis seo.

Eolas faoi Iarratais ó Bhannaí Seóthaispeántais:

foirm iarratais Bannaí Seóthaispeántais CFÉC 2024 ar fáil anseo.

Glacfar le hiarratais tríd an nasc seo amháin agus is é 15 Iúil, 2024 an dáta deiridh.

Cuirfear ealaíontoirí a roghnófar ar an eolas trí ríomhphost faoi 1 Lúnasa, 2024.

Má tá ceisteanna ar bith agat faoin tseóthaispeántas, cuir ríomhphost chuig [email protected].