FiraTàrrega 2024 – Gairm ar Rannpháirtíocht i dToscaireacht na hÉireann

Tá Cultúr Éireann ag lorg iarratais ar rannpháirtíocht i dtoscaireacht na hÉireann uathu siúd ar mian leo saothair a chur chun cinn ag FiraTàrrega atá ag tarlú in Tàrrega na Spáinne ó 5 go 8 Meán Fómhair 2024.

Leanann Cultúr Éireann ar aghaidh ag maoiniú Líonra Ealaíona Sráide, Sorcais agus Mórthaibhsithe na hÉireann agus iad ag bainistiú agus ag tabhairt rannpháirtíocht na tíre in FiraTàrrega i gcrích, ar imeacht líonraithe agus seothaispeántais é do na taibhealaíona, le béim speisialta ar sheánraí an ealaíne sráide agus an mhórthaibhsithe.

Trína bheith i láthair ag an imeacht roimhe seo, tá deiseanna idirnáisiúnta cruthaithe d’ealaíontóirí na hÉireann agus tá feabhas curtha ar líonraí do sheánraí ealaíne sráide agus mórthaibhsithe na hÉireann go domhanda.

Tá líon teoranta sparánachtaí toscaire á chur ar fáil ag Cultúr Éireann atá dírithe ar ealaíontóirí ó fhoirmeacha ealaíne na sráide ealaíne agus an mórthaibhsithe. Ba cheart go mbeadh iarrthóirí ábalta a léiriú go bhfuil camchuartaíocht idirnáisiúnta déanta acu, go bhfuil ábhar bolscaireachta den scoth ar fáil acu agus/nó go mbainfeadh siad tairbhe as a bheith i láthair ag an imeacht chun a n-obair a chur chun cinn.

Déanfar measúnú ar iarratais ar na boinn seo a leanas:

  • Oiriúnacht thionscnamh/obair an iarrthóra le haghaidh cur chun cinn go toscairí idirnáisiúnta in FiraTàrrega.
  • Dea-theist an ealaíontóra/an chomhlachta maidir le hobair a chur i láthair thar lear.
  • Fianaise de straitéis chamchuartaíochta idirnáisiúnta, le liosta féideartha de theagmhálacha idirnáisiúnta.
  • Inniúlacht an ealaíontóra/an chomhlachta leas a bhaint as deiseanna camchuartaíochta idirnáisiúnta in 2024/2025

Tá an sparánacht seo (€750 in aghaidh an toscaire) curtha ar fáil le haghaidh chostais na n-eitiltí ar ais, an chlárúcháin, agus síntiúis le haghaidh lóistín agus maireachtála. Bronnfar sparánacht toscaire amháin in aghaidh na heagraíochta.

 

Ba cheart d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne le Cultúr Éireann.  Brúigh anseo le hiarratas a dhéanamh.

 

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe ar sparánacht toscaire a chur isteach ná 5in ar Dé Céadaoin 10ú Iúil 2024.