Féile Imeallach Dhún Éideann 2025: Gairm ar Chompántais Drámaíochta agus Damhsa

Féile Imeallach Dhún Éideann 2025: Gairm ar Chompántais Drámaíochta agus Damhsa

 

Táthar ag glacadh le hiarratais anois ar Thaispeántas Chultúr Éireann ag Féile Imeallach Dhún Éideann (1-25 Lúnasa 2025)

 

Tá iarratais á lorg ag Cultúr Éireann chun tacú le cur i láthair saothair ag Féile Imeallach Dhún Éideann mar chuid de Thaispeántas 2025 Chultúr Éireann.

 

Leanann Féile Imeallach Dhún Éideann ag tairiscint ardán tábhachtach uathúil d’ealaíontóirí amharclainne agus rince na hÉireann chun aitheantas idirnáisiúnta a fháil dá gcuid oibre agus deiseanna camchuairte idirnáisiúnta breise a fháil.

 

Ag teacht le blianta beaga anuas, seo a leanas cuspóirí Thaispeántas Chultúr Éireann ag Féile Imeallach Dhún Éideann 2025:

  • léirithe Éireannacha ar ardchaighdeán a thaispeáint do lucht féachana idirnáisiúnta
  • naisc ealaíontóirí Éireannacha a chothú le láithreoirí, léiritheoirí agus poiblitheoirí féilte agus ionaid
  • deiseanna camchuairte idirnáisiúnta a ghiniúint

 

Déanfar iarratais a mheas ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

  • táirgeadh agus cur i láthair nuálaíoch ar ardchaighdeán, lena n-áirítear gealltanas go bhfuil an obair “réidh le dul ar camchuairt” agus go bhfuil an t-iarrthóir ag lorg deiseanna camchuairte idirnáisiúnta go gníomhach
  • fianaise ar aitheantas criticiúil neamhspleách dearfach
  • léiriú ar chomhpháirtíocht le hionad a bhfuil nasc bunaithe aige le Féile Imeallach Dhún Éideann
  • conas a luíonn sé le cuspóirí foriomlána Thaispeántas Chultúr Éireann ag Féile Imeallach Dhún Éideann
  • cumas an ealaíontóra nó an chompántais leas a bhaint as deiseanna a eascraíonn as Taispeántas Dhún Éideann
  • cláir idirnáisiúnta agus treochtaí camchuairte

 

Tacaíocht Chultúr Éireann:

Cuirfidh Cultúr Éireann maoiniú ar fáil do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo i dtreo speansais a gcuid oibre a chur i láthair mar chuid d’Fhéile Imeallach Dhún Éideann, lena n-áirítear táillí taistil, lóistín, cothabhála, lastais agus clárúcháin. Ní mór d’iarratasóirí a léiriú go bhfuil luach saothair cuí á fháil ag gach rannpháirtí (ealaíontóirí, teicneoirí srl.).

 

Cuirfidh Cultúr Éireann na hiarratasóirí a n-éireoidh leo ar fad chun cinn mar chuid de Thaispeántas Chultúr Éireann agus cuirfear san áireamh iad i ndeiseanna líonraithe le láithreoirí idirnáisiúnta. Caithfidh ionadaí ón bhfoireann léiriúcháin a bheith ar fáil chun páirt a ghlacadh in imeachtaí líonraithe Chultúr Éireann. Ina theannta sin, oibreoidh Cultúr Éireann le hInstitiúid Téatair na hÉireann chun a chinntiú go mbeidh ealaíontóirí agus cuideachtaí ullmhaithe don deis.

 

Conas Iarratas a Dhéanamh:

Ní mór d’iarratasóirí iarratas a chomhlánú agus a chur isteach ar líne. Cliceáil anseo chun iarratas a chur isteach. NÍ MÓR na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna doiciméid tacaíochta:

  • buiséad mionsonraithe tionscadail (uaslódáilte mar chomhad Excel ar leith i gcuid na gcáipéisí breise den chóras iarratais) lena n-áirítear gach foinse ioncaim agus caiteachais réamh-mheasta – MURA GCUIRTEAR BUISÉAD TIONSCADAIL ISTEACH, MEASFAR NACH BHFUIL IARRATAS INCHÁILITHE
  • cóipeanna de na léarmhasanna a fuarthas go dtí seo
  • cuireadh ón ionad, lena n-áirítear sonraí faoin gcomhaontú conartha
  • íomhánna léiriúcháin ar ardchaighdeán
  • má rinneadh taifeadadh ar shaothar cheana féin, cuir nasc san áireamh le do thoil

 

Ní mór iarratais a chur isteach ar líne roimh spriocdháta meán oíche Dé Céadaoin, an 12 Feabhra 2025.

 

Déanfaidh Cultúr Éireann measúnú ar na hiarratais le cúnamh ó phainéalaithe seachtracha.

 

Rochtain
Má theastaíonn tacaíocht bhreise uait chun an t-iarratas seo a chomhlánú, déan teagmháil le do thoil le [email protected]

 

An bhfuil ceist agat?

 

Óstálfaidh Cultúr Éireann seisiún eolais ar Zoom faoi Thaispeántas Chultúr Éireann ag Féile Imeallach Dhún Éideann Dé Máirt, an 28 Eanáir ag 12 meán lae – mairfidh an seisiún timpeall 45 nóiméad. Chun cláraithe, seol ríomhphost chuig: [email protected]