Éire mar Thír Fócais ag Taispeántas na hAlban/Celtic Connections 2025

Níos luaithe i mbliana, fógraíodh Éire mar chomhpháirtí idirnáisiúnta d’eagrán 2025 de Thaispeántas na hAlban mar chuid de Celtic Connections 2025 i nGlaschú, Albain (22 – 26 Eanáir 2025)

Tá Cultúr Éireann ag glacadh le harratais anois ó cheoltóirí agus ó bhannaí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa deis taispeántais mór le rá seo.

Bunaíodh Celtic Connections in 1994 agus is ceann de na féilte bliantúla is mó le rá do cheol domhanda agus tíre ina nglacann breis agus 2,100 ceoltóir ó gach cearn den domhan páirt in 300 imeacht in 25 ionad i nGlaschú thar 18 lá. Gach bliain, le linn Celtic Connections, téann Taispeántas na hAlban i gcomhpháirtíocht le tír agus tugtar deis taispeántais do líon áirithe bannaí.

Seinnfidh na ceoltóirí Éireannacha a roghnófar le linn imeacht Thaispeántas na hAlban (Dé hAoine, an 24 Eanáir 2025) os comhair lucht féachana ar tugadh cuireadh dóibh de thart ar 180 toscaire idirnáisiúnta, lena n-áirítear gairmithe tionscail, gníomhairí, agus cláraitheoirí féilte agus ionaid. Ina theannta sin, íocfar iad as léiriú le linn chlár poiblí Celtic Connections le linn a gcuairte.

Ní mór d’iarratasóirí na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

• Ceoltóirí a bhfuil a léirithe ag teacht i mbéal an phobail go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta (tá bannaí, ensembles agus ceoltóirí aonair ar fud oileán na hÉireann i dteideal iarratas a dhéanamh)
Déanfar iarratais a mheas ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

• caithfidh an ceoltóir/na ceoltóiríí a léiriú go bhfuil siad in ann leas a bhaint as an deis seo lena n-áirítear soláthar ábhar poiblíochta agus tacaíocht bhainistíochta nó ghníomhaireachta

• caighdeán léirithe agus chur i láthair

• fianaise ar aitheantas criticiúil neamhspleách dearfach

• cláir idirnáisiúnta agus treochtaí camchuairte reatha

Ba chóir d’iarratasóirí cur isteach trí chóras iarratais Thaispeántas Chulúr Éireann – is féidir tús a chur le d’iarratas trí chliceáil anseo.

Ullmhóidh Cultúr Éireann gearrliosta ceoltóirí ó na hiarratasóirí agus is iad Celtic Connections a dhéanfaidh an roghnú deiridh.

Ní mór d’iarratasóirí a chur san áireamh:

• Eolas beathaisnéise iomlán lena n-áirítear naisc reatha chuig an suíomh gréasáin agus láithreacht na meán sóisialta

• Faisnéis faoin mbainistíocht atá beartaithe agus/nó faoi thacaíochtaí gníomhaireachta

• Físeáin ardchaighdeáin den bhanna ag taibhiú

• MP3s ar a bhfuil ar a laghad trí rian fuaime
Eolas Breise:

• Tacóidh Cultúr Éireann leis na costais taistil agus soláthróidh sé airgead oinigh a bhaineann leis an léiriú taispeántais

• Fáiltítear go háirithe roimh iarratasóirí ó phobail nua, mionlaigh nó ceoltóirí atá ag cur i láthair i nGaeilge, ag teacht le tosaíochtaí straitéiseacha Chultúr Éireann. Is féidir ár straitéis reatha a léamh anseo

• Má theastaíonn tacaíocht bhreise uait chun an t-iarratas seo a chomhlánú, déan teagmháil le do thoil le [email protected]

• Níl ceoltóirí a ghlac páirt in Éire mar Thír Fócais ag Taispeántas na hAlban in 2018 incháilithe don deis seo.

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Dé Céadaoin, an 22 Bealtaine 2024 ar 5 i.n.