Éire ag Comhaontas Idirnáisiúnta Cheol Tíre 2025

Beidh seisear ceoltóirí Éireannacha ag léiriú mar Cheoltóirí Taispeántais Oifigiúla ag an gComhaontas Idirnáisiúnta Cheol Tíre an tseachtain seo, a bheidh ar siúl i Montréal, Québec idir an 19 agus an 23 Feabhra 2025.

 

Beidh na ceoltóirí, a bhfuil Cultúr Éireann ag tacú leo, ag dul ar stáitse os comhair lucht éisteachta ina mbeidh gairmithe thionscal an cheoil ó Cheanada, ó SAM agus níos faide i gcéin.

 

Is í Comhdháil an Chomhaontais Idirnáisiúnta Cheol Tíre an cruinniú is mó ar domhan de thionscal agus de phobal an cheoil tíre, ag cur san áireamh raon leathan seánraí lena n-áirítear Apaláiseach, Meiriceánach, na Gormacha, Bluegrass, Ceilteach, ceol tíre domhanda ar an tseanstíl, Hip-Hop, seancheol tíre, Amhránaí is Scríbhneoir, filíocht ó bhéal, ceol traidisiúnta, Zydeco, agus cumaisc éagsúla.

 

Tá toscaireacht de cheltóirí Éireannacha á seoladh chuig an gComhaontas Cheol Tíre ag Cultúr Éireann ó 2015 i leith. Seo an deichiú bliain a bheidh taispeántas oifigiúil ag Cultúr Éireann ag an gComhaontas.

 

Tagann na céadta cláraitheoir, gníomhaire, stiúrthóir féilte agus stáisiún raidió chuig an imeacht, agus d’éirigh go hiontach leis go dtí seo ó thaobh deiseanna a chruthú do cheoltóirí Éireannacha.

 

Seo a leanas an seisear ceoltóirí oifigiúla taispeántais a roghnaigh lucht an Chomhaontais Idirnáisiúnta Cheol Tíre:

 

Niamh Bury

Padraig Jack Music

Conor Mallon

David Howley

Bernadette Morris

Tulua

 

Déanfaidh gach ceoltóir léiriú taispeántais ar ardán Chultúr Éireann ar an 21 Feabhra 2025 mar aon le sraith taispeántais phríobháideacha le linn na comhdhála.

 

Tá eolas faoin sceideal taispeántais do cheoltóirí Éireannacha lena n-áirítear taispeántais oifigiúla agus príobháideacha ar fáil anseo.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gComhaontas Idirnáisiúnta Cheol Tíre, féach anseo.

 

Le haghaidh sampla den cheol atá ar fáil éist le Seinnliosta YouTube.