Éire ag Aonach Leabhar Londain (11 – 13 Márta 2025)

Gairm ó Chultúr Éireann ar rannpháirtíocht foilsitheoirí neamhspleácha Éireannacha

 

Trína dheontas bliantúil do Litríocht Éireann, tá tacaíocht tugtha ag Cultúr Éireann i leith stainnín agus toscaireachta Éireannaí ag Aonach Leabhar Londain le blianta fada anuas.

 

I ndiaidh athbhreithnithe ar na tacaíochtaí sin, tá líon teoranta sparánachtaí taistil á chur ar fáil ag Cultúr Éireann d’earnáil foilsitheoireachta neamhspleáiche na hÉireann chun cúnamh a thabhairt i gcomhair na gcostas a bhaineann le freastal ar an imeacht. Tá sé seo á chur ar fáil ar bhonn píolótach in 2025.

 

Tá Aonach Leabhar Londain, a bunaíodh in 1971, ar cheann de na príomh-mhargaidh dhomhanda d’idirbheartaíochtaí ceart don tionscal foilsitheoireachta a mheallann os cionn 25,000 gairmí foilsitheoireachta.

 

I rith an imeachta, buailfidh foilsitheoirí le gníomhairí litríochta, comhghleacaithe idirnáisiúnta, agus aistritheoirí le tuilleadh deiseanna a fhorbairt do scríbhneoirí Éireannacha chun lucht léitheoireachta idirnáisiúnta a shroich.

 

In 2025 beidh Aonach Leabhar Londain ar siúl ag an Olympia London Exhibition Centre ó 11 go 13 Márta 2025.

 

Ní mór d’iarrthóirí na critéir cháilitheachta a leanas a chomhlíonadh:

  • Dea-theist sheanbhunaithe mar fhoilsitheoir neamhspleách ó oileán na hÉireann le liosta de theidil fhéideartha le cur chun cinn i rith an Aonaigh Leabhar.

 

Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

 

  • fianaise go bhfuil siad ábalta tairbhe a bhaint as an deis seo, lena n-áirítear ábhar margaíochta a bheith ar fáil
  • fianaise ar dhea-theist laistigh den tionscal
  • iomláine agus caighdeán a n-iarratais

Beidh na toscairí a roghnófar ag glacadh páirt i Stainnín na hÉireann chun a saothar a chur chun cinn mar a comhaontaíodh le Litríocht Éireann de réir eagrán sna blianta roimhe seo. Beidh foilsitheoirí go fóill ag déanamh ranníocaíocht i gcomhair chostais fhoriomlána an stainnín i gcomhréir leis an mhéid spás atá acu ar an stainnín.

 

Tá an sparánacht (€750 in aghaidh an duine, beirt in aghaidh na heagraíochta ar a mhéad) á cur ar fáil i gcomhair chostais na n-eitiltí ar ais, an chlárúcháin agus síntiúis i leith lóistín agus cothabhála. Brúigh anseo le hiarratas a dhéanamh.

 

Is é an spriocam le haghaidh iarratais chomhlíonta ar sparánacht toscaire a chur isteach ná 5in ar Dé hAoine 31ú Eanáir 2025.