Culture Ireland Showcase at TradFest 2025

Culture Ireland and TradFest are offering a Showcase opportunity for emerging Irish music artists as part of the annual Festival in Dublin (22 – 26 January 2025). This Showcase is aimed at giving emerging artists a key platform to perform in front of an invited audience of international delegates, industry professionals, agents, and festival and venue programmers with a view to achieving international touring offers.

Culture Ireland now invites applications from artists at the early stages of their careers who wish to participate in this daytime Showcase performance to take place in person at a Dublin venue on Wednesday 22 January 2025.

Culture Ireland and TradFest welcomes submissions from individual artists or groups from across all trad/folk/world music genres.

Artists who have been already contracted to appear at the 2025 Festival and/or previous TradFest Showcase artists are not eligible to apply.

Applications will be assessed on the basis of the following criteria:

  • The artist must be able to demonstrate a national profile
  • The artist should not already have any significant international touring record
  • The artist(s) must have audio and promotional materials and management or agency support
  • the artist(s) must demonstrate that they are in a position to capitalise on this showcase including availability and willingness to tour in 2025/2026
  • evidence of positive independent critical recognition of significance would strengthen the submission

Applicants should make their submission online – you can start your application by clicking here.

Applicants must include:

  • High quality video performance footage
  • MP3s of at least three audio tracks

NOTE: Culture Ireland will prepare a shortlist of artists and the final selection will be made by the TradFest team.

Culture Ireland and TradFest are committed to equity, diversity, and inclusivity.

Culture Ireland will pay a stipend to all those selected and a contribution towards travel for those resident outside Dublin.

The closing date for applications is Monday 2nd December 2024.

Access
If you require additional support in completing this application, please contact [email protected].


Seóthaispeántas Chultúr Éireann ag Tradfest 2025 

 

Tá deis Seóthaispeántais á tairiscint ag Cultúr Éireann agus Tradfest do cheoltóirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn mar pháirt den Fhéile bhliantúil i mBaile Átha Cliath (22 – 26 Eanáir 2025). Tá an Seóthaispeántas seo dírithe ar ardán tábhachtach a thabhairt d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn chun taibhiú a dhéanamh os comhar lucht féachana áirithe de thoscairí idirnáisiúnta, gairmithe san earnáil, gníomhairí, agus eagraithe féilte agus ionad, d’fhonn tairiscintí camchuartaíochta idirnáisiúnta a bhaint amach.   

Tá cuireadh á thabhairt anois ag Cultúr Éireann d’ealaíontóirí i gcéimeanna luatha a ngairmeacha ar mhian leo páirt a ghlacadh sa taibhiú Seóthaispeántais lae seo atá le tarlú in ionad i mBaile Átha Cliath ar Dé Céadaoin 22 Eanáir 2025.   

Cuireann Cultúr Éireann agus Tradfest fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí aonair nó grúpaí ó sheánraí ceoil thraidisiúnta/tíre/domhain uile. 

Ó thaobh ealaíontóirí a bhfuil conradh acu d’fhonn taibhiú a dhéanamh ag Féile 2025 agus/nó ealaíontóirí a ghlac páirt i Seóthaispeántas Tradfest roimhe seo, níl na healaíontóirí sin incháilithe chun iarratas a dhéanamh. 

Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn na gcritéar seo a leanas: 

  • Ní mór don ealaíontóir a bheith in ann próifíl náisiúnta a thaispeáint  
  • Níor cheart don ealaíontóir aon camchuartaíocht shuntasach idirnáisiúnta a bheith déanta acu cheana 
  • Ní mór don ealaíontóir/na healaíontóirí ábhair fuaime agus mhargaíochta, chomh maith le tacaíocht bhainistíochta nó ghníomhaireachta a bheith acu 
  • Ní mór don ealaíontóir/na healaíontóirí taispeáint gur féidir leo teacht i dtír ar an tseóthaispeántas seo, cosúil lena bheith in ann agus ag iarraidh camchuairt a dhéanamh in 2025/2026. 
  • Neartófaí an iarratas le fianaise ar aitheantas suntasach dearfach neamhspleách ó léirmheastóirí 

Ba cheart d’iarrthóirí a n-iarratas a dhéanamh ar líne – is féidir tús a chur le d’iarratas trí chliceáil anseo.   

Caithfidh iarrthóirí na nithe a leanas a bheith ina n-iarratais: 

  • Físeáin d’ardchaighdeán de thaibhiú 
  • MP3anna de thrí thraic fuaime ar a laghad 

TABHAIR FAOI DEARA: Ullmhóidh Cultúr Éireann gearrliosta ealaíontóirí agus déanfaidh foireann TradFest an rogha deireanach.  

Tá Cultúr Éireann agus TradFest tiomanta don chomhionannas, an éagsúlacht, agus an ionchuimsitheacht. 

Íocfaidh Cultúr Éireann stipinn leo siúd a roghnófar agus déanfaidh siad ranníocaíocht i leith taistil leo siúd a bhfuil cónaí orthu lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. 

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Dé Luain 2ú Nollaig 2024. 

Rochtain
Má tá tacaíocht bhreise de dhíth ort agus tú ag comhlíonadh an iarratais seo, déan teagmháil le [email protected].