Cultúr Éireann ag Classical:NEXT i mBeirlín na Gearmáine i mBealtaine 2024

Tá Cultúr Éireann ag cur fáilte roimh iarratais uathu siúd ar spéis leo páirt a ghlacadh i dtoscaireacht na hÉireann ag Classical: NEXT atá ag tarlú i mBeirlín na Gearmáine ó 13 go 17 Bealtaine 2024.

Is seóthaispeántais idirnáisiúnta agus comhdháil tionscail é Classical:NEXT atá dírithe ar earnáil an cheoil chlasacaigh agus chomhaimseartha. San áireamh san imeacht líonraithe ceithre lá, tá ceolchoirmeacha seóthaispeántais agus imeacht trádála le taispeántais ar thionscadail agus seirbhísí. Tá tuilleadh eolais faoin imeacht ar fáil anseo.

Tá Cultúr Éireann ag cur líon teoranta sparánachtaí toscaire ar fáil, atá dírithe ar ealaíontóirí, bainisteoirí, agus baill d’eagraíochtaí agus de chomhlachtaí acmhainne ag a bhfuil cuntas teiste acu maidir le héachtaí in earnáil an cheoil chlasacaigh agus chomhaimseartha, agus camchuartaíocht idirnáisiúnta déanta acu, a bhfuil ábhar bolscaireachta den scoth ar fáil acu agus a bhainfeadh tairbhe as a bheith i láthair ag an imeacht chun saothar ealaíontóirí Éireannacha a chur chun cinn.

Is coinníoll tacaíochta é go bhfreastalaíonn toscairí ar ardán Chultúr Éireann ar feadh tréimhsí áirithe, bunaithe ar sceideal a ndéanfar comhaontú air roimh ré.

Maidir leis an bhronnadh (€800 in aghaidh an toscaire), Is i leith costais na n-eitilití, clárúcháin agus cuid den chostas a bhaineann le lóistín agus cothú atá sé.

Ní bhronnfar ach sparánacht toscaire amháin in aghaidh na heagraíochta.

Ba cheart d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne le Cultúr Éireann. Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh.

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais chomhlíonta ar sparánacht toscaire a chur isteach ná Dé Máirt 26ú Márta ag a 5in.