Le clár bliana d’os cionn 400 imeacht i mbreis agus 100 baile agus cathair ar fud na Gearmáine, ba bhliain shuntasach í Zeitgeist Irland 24 – tionscnamh de chuid Chultúr Éireann agus Ambasáid na hÉireann sa Ghearmáin – d’ealaíona agus de chultúr na hÉireann, ag cur glúin nua ealaíontóirí Éireannacha i láthair, a dhéanann ionadaíocht ar shaibhreas agus ar éagsúlacht chultúr na hÉireann, agus a leagann méar ar spiorad náisiúin atá ag athrú.
Gabhaim ár mbuíochas ó chroí leis na healaíontóirí, na láithreoirí agus na baill den lucht féachana ar fad a ghlac páirt i rith na bliana, agus a chinntigh, in éineacht lenár gcomhpháirtithe institiúide agus meán, gur éirigh thar barr leis an gclár. Gabhaimid buíochas ar leith le comhpháirtí cur chun cinn Zeitgeist Irland 24 Entdecke Irland as a gcuid tacaíochta.
“Is cinnte go bhfuil príomhaidhmeanna an chláir bainte amach againn – cur le raon ealaíon agus cultúir na hÉireann ar fud na críche agus níos tábhachtaí fós, caidreamh a fhorbairt agus a dhoimhniú idir ealaíontóirí Éireannacha agus a gcomhghleacaithe Gearmánacha.”
Sharon Barry, Stiúrthóir Chultúr Éireann
“Is é an chéad tionscnamh den chineál seo a chuir Éire ar fáil sa Ghearmáin agus, sna blianta amach romhainn, táimid ag súil le buntáistí fadtéarmacha na gceangal cultúrtha a cruthaíodh le linn na bliana seo d’ealaíona comhaimseartha na hÉireann a fheiceáil.”
H.E. Maeve Collins, Ambasadóir na hÉireann chun na Gearmáine
Rinneadh comhinfheistíocht €2.5 mhilliún in Zeitgeist Irland 24 i séasúr ealaíon agus cultúir na hÉireann sa Ghearmáin a sheol an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin i mí Mhárta 2023. Bhí sé mar aidhm ag an tionscnamh próifíl na n-ealaíon Éireannach comhaimseartha sa Ghearmáin a threisiú, agus tar éis na mílte nasc nua a chruthú agus na milliúin duine a mhealladh anois, táimid ag tnúth le torthaí rathúla a fheiceáil sna blianta amach romhainn.