GAIRM AR EALAÍONTÓIRÍ: COMHDHÁIL CHUMANN NA bhFÉILTE ÉIREANNACHA AGUS CEILTEACHA 2024 (Chicago, Deireadh Fómhair)
I ndiaidh na comhdhála píolótaí rathúla i nGaillimh in 2023, tá Cultúr Éireann ag dul i gcomhar arís le Cumann na bhFéilte Éireannacha agus Ceilteacha chun ealaíontóirí Éireannacha a chur i láthair a gcomhdhála. Reáchtálfar comhdháil na bliana seo idir Dheireadh Fómhair 24-26, 2024, in Chicago, in Ionad Oidhreachta na nGael-Mheiriceánach agus in Óstán Congress Plaza. Is eagraíocht í Cumann na bhFéilte Éireannacha agus Ceilteacha atá comhdhéanta de níos mó ná 60 féile Éireannacha agus...