Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan Cultúr 2026, an clár cultúrtha d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., seoladh Chultúr 2026 inniu: Cultúr na hÉireann á Chomhroinnt, clár cultúir na hÉireann d’Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a chuirfidh €5 mhilliún ar fáil chun tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon na hÉireann. Is deis faoi leith atá san Uachtaránacht d’Éirinn san Aontas Eorpach chun an chuid is fearr d’ealaíon agus de chultúr na hÉireann a thaispeáint, na cinn thraidisiúnta agus chomhaimseartha araon. Chun...









