AICF Chicago 2024

GAIRM AR EALAÍONTÓIRÍ: COMHDHÁIL CHUMANN NA bhFÉILTE ÉIREANNACHA AGUS CEILTEACHA 2024 (Chicago, Deireadh Fómhair)

AICF Chicago 2024

I ndiaidh na comhdhála píolótaí rathúla i nGaillimh in 2023, tá Cultúr Éireann ag dul i gcomhar arís le Cumann na bhFéilte Éireannacha agus Ceilteacha chun ealaíontóirí Éireannacha a chur i láthair a gcomhdhála. Reáchtálfar comhdháil na bliana seo idir Dheireadh Fómhair 24-26, 2024, in Chicago, in Ionad Oidhreachta na nGael-Mheiriceánach agus in Óstán Congress Plaza. Is eagraíocht í Cumann na bhFéilte Éireannacha agus Ceilteacha atá comhdhéanta de níos mó ná 60 féile Éireannacha agus...

Leigh Nios mo

Ireland at Venice 2026 – Call for Expressions of Interest

People walking down a brick side street under a blue sky, flanked on the right by a brick building.

  *English* Culture Ireland, in partnership with the Arts Council, invites Expressions of Interest to curate the Irish representation at the 61st International Art Exhibition at La Biennale di Venezia in 2026. Following the successful presentation of ROMANTIC IRELAND by Eimear Walshe at the Biennale this year, Culture Ireland invites interested parties to submit their proposal for Ireland at Venice in 2026. Full details can be found here: Venice Open Call 2026 . The deadline...

Leigh Nios mo

WOMEX – World Music Expo 2024 (23- 27 Deireadh Fómhair 2024) – Gairm ar Thoscairí do Chultúr Éireann

Tá Cultúr Éireann ag cur líon teoranta sparánachtaí toscaire ar fáil le haghaidh WOMEX World Music Expo, atá ar cheann de na margaí phroifisiúnta idirnáisiúnta is tábhachtaí don cheol dhomhanda, le ceol tíre, ceol ar an tseanstíl, ceol eitneach agus ceol traidisiúnta san áireamh. Bíonn breis agus 2,000 toscaire ó níos mó ná 90 tír i láthair ag an imeacht, a mhaireann ar feadh ceithre lá. I measc na dtoscairí a bhíonn ann, tá daoine...

Leigh Nios mo

Taispeántas Chultúr Éireann i nDun Eideann 2024

Tá lúcháir orainn sonraí a roinnt inniu faoi na seacht gclár a ghlacfaidh páirt i Seó Chultúr Éireann i nDún Éideann 2024 na bliana seo. Leanann Féile Imeallach Dhún Éideann (2 – 26 Lúnasa) ag tairiscint ardán tábhachtach uathúil d’ealaíontóirí amharclainne agus rince na hÉireann chun aitheantas idirnáisiúnta a fháil ó na meáin agus lucht féachana as a gcuid oibre agus chun a gcuid líonraí a fhorbairt. Dúirt Stiúrthóir Chultúr Éireann, Sharon Barry: “Níos mó...

Leigh Nios mo

FiraTàrrega 2024 – Gairm ar Rannpháirtíocht i dToscaireacht na hÉireann

Tá Cultúr Éireann ag lorg iarratais ar rannpháirtíocht i dtoscaireacht na hÉireann uathu siúd ar mian leo saothair a chur chun cinn ag FiraTàrrega atá ag tarlú in Tàrrega na Spáinne ó 5 go 8 Meán Fómhair 2024. Leanann Cultúr Éireann ar aghaidh ag maoiniú Líonra Ealaíona Sráide, Sorcais agus Mórthaibhsithe na hÉireann agus iad ag bainistiú agus ag tabhairt rannpháirtíocht na tíre in FiraTàrrega i gcrích, ar imeacht líonraithe agus seothaispeántais é do na...

Leigh Nios mo

Glacann Cultúr Éireann le hiarratais ar pháirt a ghlacadh mar thoscaire ag Tanzmesse 2024 (28 – 31 Lúnasa 2024)

Fáiltíonn Cultúr Éireann roimh iarratais ó rinceoirí, bainisteoirí cuideachtaí rince agus léiritheoirí rince as Éirinn ar mhaith leo páirt a ghlacadh in Tanzmesse in Düsseldorf, sa Ghearmáin, a bheidh ar siúl ón 28 go dtí an 31 Lúnasa 2024. Is imeacht débhliantúil é Tanzmesse agus is mol idirnáisiúnta é do ghairmithe rince ar fud an domhain chun aithne a chur ar ghníomhairí, láithreoirí agus cláraitheoirí agus chun deiseanna camchuairte a chruthú dá gcuid oibre. Le...

Leigh Nios mo

Éire mar Thír Fócais ag Taispeántas na hAlban/Celtic Connections 2025

Níos luaithe i mbliana, fógraíodh Éire mar chomhpháirtí idirnáisiúnta d’eagrán 2025 de Thaispeántas na hAlban mar chuid de Celtic Connections 2025 i nGlaschú, Albain (22 – 26 Eanáir 2025) Tá Cultúr Éireann ag glacadh le harratais anois ó cheoltóirí agus ó bhannaí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa deis taispeántais mór le rá seo. Bunaíodh Celtic Connections in 1994 agus is ceann de na féilte bliantúla is mó le rá do cheol domhanda agus...

Leigh Nios mo

Zeitgeist Irland 24 – clár bliana ealaíona agus cultúr na hÉireann ar fud na Gearmáine in 2024

Sheol an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Micheál Martin TD, agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, Zeitgeist Irland 24, séasúr ealaíona agus cultúr na hÉireann a bheidh ar siúl ar fud na Gearmáine le linn 2024. Féach ar zeitgeistirland24.com le haghaidh tuilleadh sonraí

Leigh Nios mo

Eolas tábhachtach – spriocdhátaí deontais 2024

D’athraigh Cultúr Éireann sceideal na spriochdhátaí bhabhta deontais do 2024 mar gheall ar éileamh nach bhfacthas riamh cheana do mhaoiniú bhabhta deontais. Reáchtálfar ceithre bhabhta deontais in 2024 in ionad na cúig cinn a fógraíodh cheana. Tá sé tábhachtach a lua go gclúdófar gach deis gníomhaíochta sa sceideal nua. Is féidir iarratas a dhéanamh do thionscadail a bheidh ar siúl thar 2024 agus go luath in 2025 fós faoi na spriocdhátaí nua deontais. Is é...

Leigh Nios mo

Cultúr Éireann ag Classical:NEXT i mBeirlín na Gearmáine i mBealtaine 2024

Tá Cultúr Éireann ag cur fáilte roimh iarratais uathu siúd ar spéis leo páirt a ghlacadh i dtoscaireacht na hÉireann ag Classical: NEXT atá ag tarlú i mBeirlín na Gearmáine ó 13 go 17 Bealtaine 2024. Is seóthaispeántais idirnáisiúnta agus comhdháil tionscail é Classical:NEXT atá dírithe ar earnáil an cheoil chlasacaigh agus chomhaimseartha. San áireamh san imeacht líonraithe ceithre lá, tá ceolchoirmeacha seóthaispeántais agus imeacht trádála le taispeántais ar thionscadail agus seirbhísí. Tá tuilleadh eolais...

Leigh Nios mo