Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan maoiniú níos mó ná €900,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain

D’fhógair an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD maoiniú níos mó ná €900,00 chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí chlár deontais rialta Chultúr Éireann.

Rachaidh an maoiniú chun tairbhe do 154 tionscadal a bheidh ar siúl i níos mó ná 36 tír, lena n-áirítear ailtireacht, sorcas, rince, scannán, litríocht, ceol, ceoldráma, dráma agus na hamharcealaíona.

Ag fógairt na ndeontas, dúirt an tAire O’Donovan:

 

“Is mór an pléisiúr dom babhta níos mó ná €900,000 de mhaoiniú Chultúr Éireann a fhógairt. Ag ceiliúradh 20 bliain ó bunaíodh é, ní raibh an t-éileamh ar thacaíocht Chultúr Éireann níos airde riamh, rud a léiríonn rath ealaíontóirí Éireannacha ar fud na n-ardán domhanda agus an t-éileamh ó lucht féachana idirnáisiúnta a gcuid saothar a fheiceáil. Guím gach rath ar na healaíontóirí go léir ina gcuid taistil dhomhanda”:

  • Ailtireacht: Brennan Furlong Architects ag cur i láthair Howth – The Memory of a Site (an Iodáil), cur i Láthair The Reason of Towns, taispeántas leis an Ailtire Valerie Mulvin ag Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann (RA)
  • Sorcas: Hands Down Circus Ltd ag léiriú Tape That (An Liotuáin), Darragh McLoughlin i gcomhar le Cirkus Kolektiv agus Cirkorama (An Chróit), Bill and Fred Productions ag cur i láthair The Grannies ag Festival Imaginarius (An Phortaingéil)
  • Damhsa: tacaíochtaí camchuairte do Birdboy le Emma Martin/United Fall (An Fhionlainn/an Chipir) agus Junk Ensemble ag cur Dances Like a Bomb (An Pholainn) i láthair
  • Litríocht: scríbhneoirí Éireannacha ag láithriú ag féilte liteartha idirnáisiúnta éagsúla, ar nós Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann (Albain), rannpháirtíocht ag IX Festival Internacional De Poesía Los Confines (Hondúras) agus rannpháirtíocht ag Féile Idirnáisiúnta Údar Toronto (Ceanada)
  • Ceol: Tacaíocht le breis agus 40 turas idirnáisiúnta ar fud an domhain lena n-áirítear raon ealaíontóirí agus seánraí lena n-áirítear JigJam (Meiriceá Thuaidh), Sina Theil (Meiriceá Thuaidh), Soda Blonde (An Bhreatain/Eoraip), Hothouse Flowers (An Bhreatain), Black Pope (An Bhreatain), Strange Boy (SAM), The Weaving (RA), Maria Somerville (SAM), Dea Matrona (An Eoraip), Tulua-Burnaoise (An Eoraip), O’Brien agus Helen Lawlor (Hong Kong), Dani Larkin (RA), Hard Rain Soloist Ensemble (An tSile/An ​​tSín), Bicurious (RA agus an Fhrainc), Seamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta (An Fhrainc) agus Crash Ensemble (An Íoslainn), Pointbreak (Ceanada)
  • Ceoldrámaíocht: chéad léiriú de cheoldráma nua le Emma O’Halloran ag Féile Samhraidh Opera Saratoga (SAM)
  • Drámaíocht: Tacaíocht do thurais idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cyclone Rep Theatre Company (An Ghearmáin), Dan Colley/Ionad Ealaíon Riverbank (Málta), Julie Sharkey (RA), Landmark Productions (RA), NYU Skirball Centre for the Performing Arts (SAM), Brassneck Theatre Company (SAM) agus Liam McCarthy (Poblacht na Seice).
  • Na hAmharcealaíona: Taispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí Éireannacha lena n-áirítear Mother’s Tankstation (An Eilvéis), Michele Baron (Tóiceo), Francis Van Maele (GB/An Fhrainc), Jesse Presley Jones (Singeapór), Marielle MacLeman (An tSlóivéin), Claire Hurley (An Fhionlainn), Alan Butler (An Spáinn), Small Nights Projects (Seapáin), Gailearaí Kerlin-Alester (SAM) agus Basil Alley (An Spáinn)
  • Ildisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíona agus chultúr na hÉireann ag féilte agus ionaid thábhachtacha lena n-áirítear an Digital Art Bienniale NÉMO (An Fhrainc), Féile Beltane de chuid Cheanada Éireann (Ceanada), Éigse na Bruiséil (An Bheilg), Féile Filleadh ar Bhaile Londain (RA) agus Fest’Irlande (An Fhrainc)

 

Is féidir na faighteoirí a fheiceáil anseo.