Seoladh Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2025

Inniu, Déardaoin, an 27 Márta, sheol an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD,  Ionadaíocht na hÉireann ag an 19ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia i gCartlann Ailtireachta na hÉireann. Roghnaíodh coimeádaithe Cotter & Naessens Architects chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an imeacht mór le rá. Déanann an Roinn, trí Chultúr Éireann, Éire sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.

 

Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 10 Bealtaine go dtí an 23 Samhain 2025, fós an t-ardán domhanda is tábhachtaí maidir le taispeántas na hailtireachta a ghlacfaidh an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirt ann. Tugtar deis uathúil ann do chleachtóirí ailtireachta na hÉireann lucht féachana idirnáisiúnta a mhealladh.

 

Ag freagairt do théama na bliana seo, ‘Intelligens. Natural. Artificial. Collective.’, a roghnaigh coimeádaí an Biennale, Carlo Ratti, tá Assembly le Cotter & Naessens. Spreag samhail pholaitiúil nuálach Thionól na Saoránach an dearadh. Suiteáil ilchéadfach a bheidh sa dearadh ina dtabharfar deis do chuairteoirí cónaí i bhfuaimdhreach agus labhairt sa spás.

 

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Déanaim comhghairdeas le Cotter & Naessens as a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale Ailtireachta na Veinéise, áit a gcuirfidh na healaíontóirí agus na hailtirí is fearr ar domhan saothar i láthair. Is deis é seo chun nádúr bríomhar cruthaitheach ailtireacht chomhaimseartha na hÉireann a thaispeáint do lucht féachana idirnáisiúnta. Déanann mo Roinnse, trí Chultúr Éireann, Éire a choimisiúnú sa Veinéis i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, agus is tráth iontach é chun ardchaighdeán ealaíon na hÉireann a cheiliúradh ar stáitse domhanda. Guím gach rath ar gach duine a bhfuil baint acu leis an Biennale i mbliana.”

 

Cuireann Assembly leis an láithreacht láidir atá ag Éirinn ag an Biennale Architettura le blianta beaga anuas le taispeántais In Search of Hy-Brasil (2023), Entanglement (2021) agus Free Market (2018). Is stiúideo ailtireachta agus dearaidh é Cotter & Naessens Architects atá lonnaithe i gCathair Chorcaí ó 2001 i leith agus a bhunaigh Louise Cotter agus David Naessens.

 

Tar éis é a chur i láthair sa Veinéis, rachaidh ‘In Search of Hy-Brasil’ ar camchuairt in Éirinn in 2026. Beidh scannán ina léirítear déanamh Assembly, a stiúir  Michelle Delea, a scannánaigh Felix Castaldo, le fuaim ó David Stalling, mar chuid thábhachtach den chamchuairt náisiúnta.

 

Phléigh coimeádaithe an tionscadail an téama a roghnaigh siad:

“Is éard atá i gceist le Assemble ná teacht le chéile mar ghrúpa daoine a bhfuil leas coiteann acu. Is éard atá i gceist le Assemble ná iomlán a thógáil ó chomhchodanna. Mar chomhthionól agus tógáil, tá Assembly i gcroílár an phróisis ailtireachta.”