Ealaíontóirí a mbeidh taispeántas acu in Faigh Amach, 1 Lúnasa–21 Meán Fómhair 2025, fógartha ag Temple Bar Gallery + Studios (TBG+S) i gcomhar le Cultúr Éireann agus Southwark Park Galleries (SPG), Londain.
Le Faigh Amach, tugtar le chéile triúr ealaíontóirí a roghnaítear trí phróiseas gairme oscailte: Ella Bertilsson, Kathy Tynan, Emily Waszak.
Tabharfar cuireadh do dhuine den triúr ealaíontóirí seo a céad taispeántas idirnáisiúnta aonair a chur i láthair ag SPG Lake Gallery in Earrach 2026. I rith phleanáil Faigh Amach, agus nuair a bheidh sé ar siúl, déanfaidh Stiúrthóir SPG Judith Carlton agus Leas-Stiúrthóir Charlotte Baker cuairteanna stiúideo ar líne agus ar an láthair a reáchtáil leis an triúr ealaíontóirí, chomh maith le cuairt ar an taispeántas ag TBG+S.
Rugadh Ella Bertilsson in Umeå, an tSualainn, agus oibríonn sí i mBaile Átha Cliath agus i gCallainn, Cill Chainnigh. I measc na dtaispeántas atá déanta agus atá le déanamh aici, tá The Horse, Baile Átha Cliath (2025); Ionad Ealaíne Bhéal an Átha (2024); The Dock, Cora Droma Rúisc (2023); The Complex, Baile Átha Cliath (2022).
Rugadh agus oibríonn Kathy Tynan i mBaile Átha Cliath, I measc na dtaispeántas aonair atá déanta aici le déanaí tá Kevin Kavanagh, Baile Átha Cliath (2024); Ionad Ealaíon Dunamaise, Port Laoise (2022); Highlanes Gallery (le Andrew Vickery), Droichead Átha (2020); The LAB, Baile Átha Cliath (2019).
Rugadh Emily Waszak in North Carolina sna Stáit Aontaithe, agus oibríonn sí idir Baile Átha Cliath agus Dún na nGall. Ar na taispeántais atá déanta aici le déanaí, áirítear an tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn (2025); Pallas Projects, Baile Átha Cliath (2024); Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (2023).
Is tionscnamh nua é Faigh Amach le Temple Bar Gallery + Studios agus Cultúr Éireann, i gcomhar le Southwark Park Galleries, Londain, chun tacú le healaíontóir chun a c(h)éad taispeántas aonair lasmuigh d’Éirinn a chur i láthair.