Meet the Irish 2025

I gcomhar leis an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, chuir Cultúr Éireann an tríú eagrán de sheóthaispeántas Meet the Irish ar siúl ar an 13 Eanáir 2025, inar tugadh an deis do sé chompántas drámaíochta Éireannacha a saothar a chur i láthair lucht cláreagraithe, láithreoirí agus féilte idirnáisiúnta i halla éisteachta i gCathair Nua-Eabhrac.

Is iad na sé léiriúchán a roghnaíodh do sheóthaispeántas na bliana seo ná:

  • Brokentalkers – Bellow
  • Once Off Productions/Graffiti Theatre Company – Grace
  • Gina Moxley le The Everyman agus Once Off Productions – I Fall Down
  • Landmark Productions agus Galway International Arts Festival – Reunion
  • Dead Centre – Illness as Metaphor
  • THISISPOPBABY – 0800 Cupid

Óna bhunú in 2023, is deis é Meet the Irish d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon Éireannacha chun teagmháil a dhéanamh le láithreoirí agus féilte ó Thuaisceart Mheiriceá, a dtéann go leor acu go Nua-Eabhrac in Eanáir chun freastal ar réimse comhdhálacha agus féilte cultúrtha ar nós ISPA, APAP agus Under the Radar.

Tá sé ag tarlú ag an am chéanna le cruinniú bliantúil an líonra ionad cultúir Éireannach ó fud fad Thuaisceart Mheiriceá (NICCoNA) i Nua-Eabhrac.

Tugtar deis d’ealaíontóirí sa tseóthaispeántas líonrú a dhéanamh le láithreoirí idirnáisiúnta agus caidrimh a chothú i gcomhair deiseanna camchuartaíochta amach anseo.

Le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir clár iomlán Meet the Irish 2025 a fheiceáil  anseo.