Culture Ireland – Budget 2025

Culture Ireland welcomes the allocation of €8million announced as part of Budget 2025.

This allocation is the highest level of funding for Culture Ireland in its history and coincides with the 20th anniversary of Culture Ireland’s establishment.

The allocation for next year is a 5% increase over 2024 and marks an increase of Culture Ireland funding of 74% over the last five years.

Chair of Culture Ireland’s Expert Advisory Committee, Louise Donlon, commented: ”I would like to thank Minister Catherine Martin for the increased funding of €8m for Culture Ireland in 2025.  This is very welcome, and allows for us to continue to support artists and companies to showcase the best of Irish arts across the globe. This will help Culture Ireland to meet the ever growing demand for work to be presented on international stages, thereby investing in the work and careers of Irish artists.”

Details for Culture Ireland’s application windows for 2025 are available here and a calendar of Showcase activity for 2025 will be published shortly.


Cultúr Éireann – Buiséad 2025

Fáiltíonn Cultúr Éireann roimh an leithdháileadh de luach €8 milliún a fógraíodh mar pháirt de Bhuiséad 2025.

Is ionann an leithdháileadh seo agus an leibhéal is airde maoinithe a tugadh do Chultúr Éireann riamh, agus an eagraíocht ag ceiliúradh 20 bliana óna bhunú.

Is méadú 5% é leithdháileadh na bliana seo chugainn ar leibhéal 2024 agus fágann sé go bhfuil méadú 74% tagtha ar mhaoiniú Chultúr Éireann le cúig bliana anuas.

Bhí an méid seo le rá ag cathaoirleach Shainchoiste Comhairleach Chultúr Éireann, Louise Donlon: “Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Catherine Martin as an mhaoiniú mhéadaithe €8m do Chultúr Éireann in 2025.  Mar gheall ar an leithdháileadh seo, a bhfuil an-fáilte roimhe, beidh muid in ann leanúint ar aghaidh ag tacú le healaíontóirí agus le comhlachtaí chun scoth na n-ealaíon Éireannach a chur i láthair an domhain mhóir. Cuideoidh sé seo le Cultúr Éireann agus muid ag freastal ar an éileamh ar shaothar atá le cur i láthair ar stáitsí idirnáisiúnta, éileamh atá ag dul i méid i gcónaí, agus infheistíocht á déanamh againn dá bharr i saothar agus gairmeacha ealaíontóirí na hÉireann.”

Tá sonraí faoi ionú iarratas Chultúr Éireann do 2025 ar fáil anseo agus foilseofar féilire ghníomhaíochtaí Seothaispeántais do 2025 gan mhoill.

 

Image credit: Jorge Gordo