Fógraítear maoiniú os cionn €1.2m do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin maoiniú €1,230,750 chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí chlár deontais rialta Chultúr Éireann.

Rachaidh an maoiniú chun tairbhe do 160 tionscadal scaipthe ar fud 40 tír, a chlúdóidh sorcas, rince, scannán, litríocht, ceol, ceoldráma, téatar agus na hamharc-ealaíona.

Ag fógairt na ndeontas, dúirt an tAire Martin:

“Tá ról lárnach ag Cultúr Éireann ag tacú le healaíontóirí Éireannacha teacht ar lucht féachana nua ar fud an domhain, gach bliain. Tá an t-éileamh ar mhaoiniú Chultúr Éireann ag fás i gcónaí, rud a léiríonn go soiléir an t-éileamh ar fud an domhain ar ealaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar a chur i láthair. Tá áthas orm an babhta seo de mhaoiniú Chultúr Éireann de níos mó ná €1.2m a fhógairt, arb é an babhta deontais aonair is airde i stair na heagraíochta. Cruthóidh na tionscadail seo deiseanna agus lucht féachana nua d’ealaíontóirí Éireannacha agus léireoidh siad tairiscint shaibhir agus éagsúil ealaíona na hÉireann ar fud an domhain.”

 

I measc na dtionscadal tá:

  1. Ealaíontóirí Éireannacha lena n-áirítear Amanda Coogan agus Aideen Barry a ghlac páirt i Biennale Ealaíne Bangkok 2024: Nurture Gaia le Bangkok Art Biennale in Bangkok, sa Téalainn (Deireadh Fómhair 2024 – Feabhra 2025)
  2. Scríbhneoirí Éireannacha ag glacadh páirt i bhféilte liteartha idirnáisiúnta lena n-áirítear Toronto International Festival of Authors, Ceanada (Meán Fómhair 2024), Vancouver Writers’ Festival, Ceanada (Deireadh Fómhair 2024), Verb Readers and Writers Festival, Wellington, An Nua-Shéalainn (Samhain 2024), Cheltenham Literature Festival, RA (Deireadh Fómhair) agus Litquake Festival, SAM (Deireadh Fómhair 2024)
  3. Ealaíontóirí ceoil Éireannacha ag raon d’Fhéilte Éireannacha samhraidh ar fud Mheiriceá Thuaidh lena n-áirítear Iowa Irish Fest, Milwaukee Irish Fest, Goderich Celtic Roots Festival, Montana Irish Festival agus Kansas City Irish Festival. I measc na n-ealaíontóirí tá Boxing Banjo, Karan Casey, JigJam, Screaming Orphans agus The Jeremiahs.
  4. Tacaíochtaí camchuairte i dtreo raon léiriúcháin sorcais agus rince lena n-áirítear Hands Down Circus, ROGU Arts agus Laura Murphy ar camchuairt i Meiriceá Theas lena n-áirítear sa Cholóim & sa tSile (Deireadh Fómhair – Samhain 2024).
  5. Ealaíontóirí Éireannacha ag glacadh páirte in Lorient Interceltic Frestival sa Fhrainc (Lúnasa 2024)
  6. Arán agus Im le Manchán Magan ar camchuairt ar fud na Breataine agus líonra camchuairte nua d’ealaíontóirí Éireannacha (Deireadh Fómhair 2024)
  7. Silva Lumina le Tom Meskell, ag Glow Wild 2024, Kew Gardens, Wakehurst, GB (Samhain 2024 – Eanáir 2025)
  8. Camchuairt idirnáisiúnta go leor mórchompántais rince de chuid na hÉireann lena n-áirítear Teaċ Daṁsa (An Fhrainc/An Ostair/Meicsiceo), CoisCéim Dance Theatre (An Chróit/An Ghréig), Emma Martin/United Fall (An Eilvéis) agus Mufutau Yusuf (An Fhrainc) (Lúnasa 2024 – Feabhra 2025)
  9. Turais idirnáisiúnta raon ealaíontóirí Éireannacha lena n-áirítear Lisa O’Neill, Fontaines DC, Pillow Queens, Oisín Leech, Mick Flannery & Susan O’Neill, Gurriers, Kila, Anna Mieke agus Onóir.
  10. Tacaíocht do thaispeántais aonair le hamharcealaíontóirí lena n-áirítear Leann Herlihy (Bienniale Ealaíne Toronto, Meán Fómhair – Nollaig 2024), Vivienne Griffin (An Biúró, Nua-Eabhrac, Iúil – Lúnasa 2024), Elizabeth Cope (Gailearaí Ealaíne Maison de Poivre, Ceanada, Lúnasa – Deireadh Fómhair 2024) agus Dennis Farrell (La Tourette, Lyon, an Fhrainc (Iúil – Lúnasa 2024)
  11. Léirithe idirnáisiúnta agus turais ó scríbhneoirí agus filí lena n-áirítear Oisín McKenna, Jean Pasley, Stephen James Smith agus Michael O’Loughlin.
  12. Tacaíocht do fhreastal ealaíontóirí scannán Éireannacha ar phríomhfhéilte scannán Éireannacha lena n-áirítear Féile Scannán na Breataine agus na hÉireann i Lucsamburg (Meán Fómhair 2024), Féile Scannán Newport Beach, SAM (Deireadh Fómhair 2024) agus Féile Scannán Éireannach san Astráil (Deireadh Fómhair/Samhain 2024)
  13. Turas deich n-ionad ar fud na SA de léiriú Cahoots NI de The Vanishing Elephant (Márta/Aibreán 2025)
  14. Tacaíocht chláir do phríomh-láithreoirí ealaíon agus chultúir na hÉireann sna SA agus sa Bhreatain lena n-áirítear Solas Nua (Washington DC, SAM) agus Ionad Cultúrtha na hÉireann, Hammersmith, RA.