Bhabhta Rialta

Tugann Cultúr Éireann tacaíocht d’ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha, d’eagraíochtaí ealaíon agus do láithreoirí idirnáisiúnta saothar le healaíontóirí Éireannacha a chur i láthair in ionaid agus i bhféilte suntasacha idirnáisiúnta.

Agus Cultúr Éireann ag tacú le himeacht, cuirtear maoiniú deontais ar fáil faoi chomhair costais a bhaineann go díreach leis an imeacht a chur i láthair go hidirnáisiúnta, i.e., costais taistil agus costais a bhaineann le taisteal mar shampla iompar, lóistín agus cothú.

Téarmaí agus Coinníollacha an Deontais

An deontas a tharraingt anuas

Eolas tábhachtach – oiriúnú spriocdhátaí bhabhta deontais do 2024

D’athraigh Cultúr Éireann sceideal na spriochdhátaí bhabhta deontais do 2024 mar gheall ar éileamh nach bhfacthas riamh cheana do mhaoiniú bhabhta deontais. Reáchtálfar ceithre bhabhta deontais in 2024 in ionad na cúig cinn a fógraíodh cheana. Tá sé tábhachtach a lua go gclúdófar gach deis gníomhaíochta sa sceideal nua. Is féidir iarratas a dhéanamh do thionscadail a bheidh ar siúl thar 2024 agus go luath in 2025 fós faoi na spriocdhátaí nua deontais.

Is é meánoíche, an 1 Aibreán 2024 an chéad spriocdháta eile d’iarratais deontais. Caitear iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin dáta seo chun saothar a léiriú go hidirnáisiúnta ó lár mhí an Mheithimh ar aghaidh.

 

Spriocdháta                       Uainiú an Tionscadail  
1 Feabhra 2024 Lár mhí Aibreáin 2024 ar aghaidh
1 Aibreán 2024 Lár mhí Meithimh 2024 ar aghaidh
15 Lúnasa 2024 Samhain 2024 ar aghaidh
15 Samhain 2024 Feabhra 2025 ar aghaidh