As the 2024 edition of Huddersfield Contemporary Music Festival (hcmf//) gets underway, Culture Ireland is pleased to announce that the partnership between the two organisations will be extended for another two years (2025 and 2026 editions). hcmf// is the UK’s largest international festival of new and experimental music and brings a host of Irish talent to its programme, supported by Culture Ireland.
Currently in its third year, the international partnership between Culture Ireland and hcmf// aims to provide opportunities for Irish artists, composers, and ensembles to present their work at hcmf// and to sustain and develop the opportunity over several years. Both organisations aim to develop British and wider international audiences for the presented works, as well as media opportunities for the artists.
Graham McKenzie, Artistic Director, hcmf//, commented: “I am delighted that the partnership between Culture Ireland and hcmf// is to continue for a further two years. The partnership has enabled us to dig deep into the rich vein of talent running through the new music scene right now in Ireland. It is about collaboration in the true sense and the support from Culture Ireland has not only enabled us to platform some of the best work emerging from Ireland at hcmf// but to disseminate the work and connect the artists to our partner festivals throughout Europe.”
Sharon Barry, Director, Culture Ireland added: “Our partnership with hcmf// over the last three years has not only celebrated the current successes of new music from Ireland, it has also been an important platform for emerging artists. We look forward to continuing the success over the next two years.”
This year’s programme includes the UK Premiere of Ann Cleare’s TERRARIUM, a sonic and visual immersive experience highlighting the changing geological terrain at Lough Boora, Ireland, performed by Crash Ensemble and created in collaboration with site responsive artists Lay of the Land and videographer and director Laura Sheehan.
Belfast-based Hard Rain SoloistEnsemble will present the World Premiere of their new programme ‘Irish Forests, Rivers and Peatlands’ as part of the festival, exploring the intertwining of instrumental and environmental sound worlds. Multidisciplinary composer Paul Scully builds on his previous work around the philosophy of ecology in a new World Premiere exploring the uncanny experience of being a human at this stage of the Anthropocene so close to ecological disaster – our strange awareness of our entanglement in climate change.
The programme also includes work from Shovel Dance Collective, who will perform a continuous longform composition arranged for the festival entwining pre-existing source material with drones, extended techniques and their own improvisatory practices.
hcmf// runs from 15 – 24 November 2024. The full festival programme can be viewed here.
Cuirfidh Cultúr Éireann lena comhpháirtíocht le Féile Cheoil Chomhaimseartha Huddersfield
Agus Féile Cheoil Chomhaimseartha Huddersfield 2024 ar siúl faoi láthair, tá áthas ar Chultúr Éireann a fhógairt go leathnófar an chomhpháirtíocht idir an dá eagraíocht go ceann dhá bhliain eile (eagráin 2025 agus 2026). Is í an fhéile idirnáisiúnta is mó sa RA de cheol nua agus turgnamhach agus tugtar go leor tallann Éireannach chuig a clár, le tacaíocht ó Chultúr Éireann.
Agus í ina thríú bliain faoi láthair, tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht idirnáisiúnta idir Cultúr Éireann agus an fhéile seo deiseanna a sholáthar d’ealaíontóirí, cumadóirí agus grúpaí Éireannacha a gcuid saothar a chur i láthair ag an bhféile agus an deis a chothú agus a fhorbairt thar roinnt blianta. Tá sé mar aidhm ag an dá eagraíocht lucht féachana na Breataine agus lucht féachana idirnáisiúnta níos leithne a fhorbairt do na saothair a chuirtear i láthair, chomh maith le deiseanna meán a chruthú do na healaíontóirí.
Dúirt Graham McKenzie, Stiúrthóir Ealaíne na Féile: “Tá lúcháir orm go bhfuil an chomhpháirtíocht idir Cultúr Éireann agus fhéile le leanúint ar aghaidh ar feadh dhá bhliain eile. Chuir an chomhpháirtíocht ar ár gcumas tochailt domhain a dhéanamh ar an saibhreas tallainne atá ag rith tríd an saol nua ceoil in Éirinn faoi láthair. Comhshaothar atá ann agus tá an tacaíocht ó Chultúr Éireann tar éis cur ar ár gcumas ardán a thabhairt do chuid den saothar is fearr a d’eascair as Éirinn ag an bhféile agus an saothar a scaipeadh agus na healaíontóirí a nascadh lenár bhféilte comhpháirtíochta ar fud na hEorpa.”
Dúirt Sharon Barry, Stiúrthóir Chultúr Éireann: “Inár gcomhpháirtíocht leis an bhFéile le trí bliana anuas déantar ceiliúradh ar an rath atá ar cheol nua na hÉireann faoi láthair, agus tá sé ina ardán tábhachtach freisin d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn. Táimid ag tnúth le leanúint leis an rath thar an dá bhliain atá romhainn.”
Ar chlár na bliana seo tá chéad léiriú RA de TERRARIUM Ann Cleare, eispéireas tumtha sonach agus físiúil ina gcuirtear béim ar an athrú geolaíoch ag Loch na Buaraí, Éire, léirithe ag Crash Ensemble agus cruthaithe i gcomhar le healaíontóirí freagrúla suímh Lay of the Land agus físghrafadóir agus stiúrthóir Laura Sheehan.
Cuirfidh Hard Rain SoloistEnsemble, atá lonnaithe i mBéal Feirste, an Taibhiú Domhanda dá gclár nua ‘Foraoisí, Aibhneacha agus Tailte Móna na hÉireann’ i láthair mar chuid den fhéile, ag fiosrú comhnascadh na ndomhan fuaime uirlise agus comhshaoil. Tógann an cumadóir ildisciplíneach Paul Scully ar a shaothar roimhe seo ar fhealsúnacht na héiceolaíochta i dTaibhiú Domhanda nua ag fiosrú an eispéiris chorraitheach a bhaineann le bheith i do dhuine ag an gcéim seo den Antrapaicéin atá chomh gar do thubaiste éiceolaíochta – ár bhfeasacht aisteach ar ár rannpháirtíocht san athrú aeráide.
Áiríonn an clár chomh maith saothar ó Shovel Dance Collective, ina ndéanfar cumadóireacht fhadfhoirme leanúnach a eagrófar don fhéile ag fíodóireacht bunábhar a bhí ann cheana féin le dróin, teicníochtaí leathnaithe agus a gcleachtais tobchumtha féin.
Beidh an Fhéile ar siúl 15 – 24 Samhain 2024. Is féidir féachaint ar an chláir na Féile anseo.
Photo credit: Rich Gilligan